Angla-Shacsanaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaAngla-Shacsanaigh

Cineálgrúpa eitneach
Leathanach leis an Chi Ró monagram as  Soiscéal Mhatha i Soiscéil Lindisfarne c. 700, b ' fhéidir, cruthaíodh ag Eadfrith ó Lindisfarne i gcuimhne ar Cuthbert

Dream daoine a mhair sa Bhreatain Mhór ón 5ú haois ab ea na hAngla-Shacsanaigh. Sa téarma seo, cuimsítear daoine ó na treibheanna Gearmánacha a bhog go dtí an t-oileán ó Mhór-Roinn na hEorpa, chomh maith lena sliocht, agus grúpaí ó phobal dúchais na Breataine a ghlac roinnt gnéithe de chultúr agus de theanga na nAngla-Shacsanach. Go stairiúil, seasann tréimhse na nAngla-Shacsanach sa Bhreatain idir thart ar 450 AD agus 1066 AD, ó aimsir na chéad lonnaíochta suas go dtí aimsir Choncas na Normannach.[1]

Cruthaíodh náisiún na Sasanach le linn na tréimhse luath-Angla-Shacsanaigh, agus tá a lán de na gnéithe a gcuireadh tús leo ag an am sin fós le feiceáil sa lá atá inniu ann, an rialtas réigiúnach de shíreanna agus céadta ina measc. Le linn na tréimhse seo, bunaíodh an Chríostaíocht agus bláthaíodh an litríocht agus an teanga. Bunaíodh cairteacha agus an dlí freisin.[2] Is minic a úsáidtear an téarma Angla-Shacsanach i gcomhair an teanga a bhí á labhairt agus á scríobh ag na hAngla-Shacsanaigh i Sasana agus in oirthear na hAlban idir lár an 5ú haois agus lár an 12ú haois, ar a laghad. In úsáid léannta, tá sé níos gnáiche an tSean-Bhéarla a thabhairt uirthi.[3]

Stair d'fhéiniúlacht chultúrtha ar leith atá i gceist le stair na nAngla-Shacsanach. Scéal de ghrúpaí daoine éagsúla a ghlac leis an gCríostaíocht atá ann, agus bhí sé lárnach sa tslí ina mbunaíodh ríochtaí éagsúla. Cé go gcuireadh an fhéiniúlacht seo i mbaol agus na Danair ag forghabháil oirthear Shasana agus ag déanamh ionraí a d'éirigh ní b'fhairsinge de réir a chéle, tharla go dtreisíodh an fhéiniúlacht sin ag an am céanna; lean leis a bheith mar an fhéiniúlacht phríomha suas go dtí theacht na Normannach.[4] Tá cultúr na nAngla-Shacsanach le feiceáil sna stíleanna foirgneamh agus éadaí a bhí acu, agus sna lámhscríbhinní dhathmhaisithe agus na hearraí a cuireadh sna huaigheanna dá gcuid, chomh maith. Cuirtear dílseacht do threibheanna agus do thaoisigh áitiúla in iúl sna siombalaí nádúrtha atá ar na suaitheantais chultúrtha atá le feiceáil iontu. Rinne na scothaicmí taoisigh dá muintir féin a fhógairt ina ríthe, bhunaigh siad burhs, agus ba nós dóibh iad féin agus a muintirsean a thuiscint i dtéarmaí d'eachtraí agus pearsantachtaí ón mBíobla. Thar aon rud eile, mar a thug Helena Hamerow faoi deara, "lean leis na gaolta leathana fola agus áitiúla ... a bheith mar an príomh-aonad lenar tairgeadh earraí ar fud na tréimhse Angla-Shacsanach."[5] Tá tionchar na nAngla-Shacsanach fós le feiceáil san 21ú haois, mar, de réir staidéar a foilsíodh i mí an Mhárta 2015, taispeáintear na ranna polaitíochta de réir na treibheanna a bhí sa Bhreatain i rith luath-thréimhse na nAngla-Shacsanaigh i ngéiniteach na Breataine sa lá atá inniu ann.[6]

[...]

Luathstair na nAngla-Shacsanach (410 - 660)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na himircí de réir Bede, a scríobh roinnt 300 bliana tar éis an ócáid; tugann an  fhianaise seandálaíochta le fios gur tháinig na lonnaitheoirí go dtí an Bhreatain  as go leor áiteanna de chuid na mór-roinne 

Clúdaíonn an tréimhse luath-Angla-Shasanach an chuid de stair na Breataine meánaoisí a thosaíonn le deireadh riail na Rómhánach. Tréimhse is ea a dtugtar "Aimsir na hImirce" go forleathan uirthi, nó an Völkerwanderung (is é sin a rá "imirce dreamanna daoine" sa Ghearmáinis).[7] Tréimhse a bhí inti ina raibh daoine ag aistriú timpeall ar imirce ar bhonn treisithe san Eoraip idir timpeall 400 agus 800.[8]

[...]

Imirce (c.410–c.560)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tiontú go dtí an Chríostaíocht (590-660)[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 565, shroich Colm Cille (Columba sa Laidin), manach ó Éirinn a raibh léann faighte aige sa scoil mhainistreach i mBun an Phobail, ar Inis Eoghain faoi stiúir Naomh Fhionnáin, Oileán Í agus é ar deoraíocht a rinne sé dá shaorthoil féin. Tháinig rath ar an mainistreach a bhunaigh sé ar Oileán Í (nó Í Cholm Cille) ionas go raibh sí amhail "impireacht spioradálta a raibh thar a bheith fairsing," de réir Peter Brown, agus a raibh tionchar aici "ó oirthear na hAlban i bhfad siar ó theas, go croílár na hÉireann, agus, soir ó theas, chuaigh sé chomh fada trí iomlán thuaisceart na Breataine, trí thionchar an chomhmhainistrigh aici, Lindisfarne."[9]

Fuair Colm Cille bás i mí an Mheithimh 597. Ag an am céanna, shroich Agaistín ar oileán darb ainm Thanet agus chuaigh sé leis go dtí príomhbhaile ag Rí Æthelberht, Canterbury. Bhí se tar éis a bheith ina phrióir ar mhainistreach sa Róimh nuair a roghnaigh Pápa Gréagóir Mór é in 595 chun bheith i bhfeighil ar mhisean go dtí an Bhreatain chun ríocht Kent a thiontú ón bpágántacht dhúchasach Angla-Sacsanach. Is dócha gur roghnaíodh Kent toisc go raibh Æthelberht tar éis banphrionsa Críostaí a phósadh, Bertha, iníon ag Charibert I, Rí Páras, bean a rabhas ag súil go mbeadh tionchar aici ar a fhear céile. Rinneadh Æthelberht a thiontú go dtí an Chríostaíocht, bunaíodh eaglaisí, agus cuireadh tús le tiontuithe ar bhonn fairsing sa ríocht. Chuir dlíthe Æthelberh le haghaidh Kent córas casta fíneála i gcrích, agus é an chéad chóras dlíthe scríofa i dteanga Ghearmánach riamh. Ríocht shaibhir ab ea Kent agus ceangaltas láidir aici leis an Mór-roinn, agus ceaptar go bhfuil seans ann gur chuir Æthelberh smacht ríoga i gcrích ar cúrsaí trádála. Cuireadh boinn airgid ar scaipeadh in Kent den chéad uair ó aimsir ionradh na nAngla-Sachsanach le linn an tréimhse ina raibh sé ar an gcoróin.

Fothrach Phrióír Lindisfarne agus dealbh do Naomh Aodhán

In 685 bhunaigh Aodhán, manach Éireannach ó Oileán Í, mainistreach i Lindisfarne, in aice le príomhdhaingean Oswald in Bamburgh. Bhí sé sa mhainistir ar Oileán Í an uair ar iarr Osward ar misean a bheith curtha i gcrích chun Ríocht Northumbria a thiontú go dtí an chríostaíocht ón bpágántacht Angla-Shacsanach a bhí acu ó dhúchas. Seans mhaith gur roghnaigh Oswald Oileán Í toisc gur theith sé go iardheisceart na hAlban nuair a maraíodh a athair, taispeánadh an Chríostaíocht dó agus bhí sé tiomanta do Northumbria a dhéanamh ina Ríocht Críostaí ar filleadh ar ais inti dó. Rinne Aodhán gaisce mór agus é ag leathadh creideamh na Críostaíochta agus, ós rud é nach raibh aon Bhéarla aigesean, agus bhí Oswald tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim agus é ar deoraíocht, d'fheidhmigh Oswald mar ateangaire d'Aodhán agus eisean i mbun searmóinteachta in Northumbria.[10] Níos déanaí bhí Naomh Cuthbert, atá ina éarlamh Lindisfarne, ina ab ar an mainistreach, agus ina dhiaidh ba eisean Easpag Lindisfarne. Is é an píosa scríbhneoireachta stairiúla sa Bhéarla atá fós ar marthain ná beatha Cuthbert nach fios cé a scríobh é. Cuireadh soiscéal ar a chónra ina chuimhne (ar a dtugtar soiscéal Naomh Cuthbert) agus is é an ceangal leabhair atá air an cheann is sine san Eoraip atá fós slán agus i gcaoi mhaith.[11]

Tionóladh Sionad Whitby in 664 agus cinneadh ann go mbeadh cleachtas Rómhánach seachas cleachtas na hÉireann i réimeas (maidir le stíl chorainne agus le dátaí na Cásca) de ghnáth in Northumbria, rud a d'fhág gur "tháinig an eaglais in Northumbria ar an dearcadh céanna le heaglais príomhshrutha an chultúir Rómhánaigh."[12] Rinneadh suíochán eaglais easpagóideach Northumbria a aistriú ó Lindisfarne go hEabhrac. Níos déanaí, d'éirigh le Wilfred, príomhionadaí an dearcaidh Rómhánaigh, a bheith ina Easpag ar Northumbria, agus bhailligh Colmán agus lucht ar son an dearcaidh Éireannaigh, nár athraigh a gcuid cleachtas féin, ar ais go hÍ Cholm Cille.

Æthelstan ag tabhairt soiscéil do   Naomh Cuthbert (a bhí marbh le fada)  (934); Coláiste Corpus Christi Cambridge MS 183, fol. 1v

Meánstair na nAngla-Shacsanach (660-899)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi 660 AD, bhí roinnt mhaith críocha beaga tar éis tagtha le chéile chun ríochtaí a bhunú in ísealchríocha na Breataine, rud a d'fhág gur tháinig athrú suntasach ar an léarscáil pholaitiúil dá réir. Ba as córas ní ba scaoilte a bhí bunaithe, mar a chreideann Highman, ar na feodus a bhí ann ar dtús, a tharla forbairt na ríochtaí seo ina a raibh rí amháin ina ardtiarna orthu. Go hiondúil, tugtar [[Heiptearcacht]] ar an tréimhse seo, nach bhfuil in úsáid ag na scoláirí ó thús an 20ú haois mar tugann sé le tuiscint gur struchtúr polaitiúil amháin a bhí i gceist gan "deis a thabhairt d'aon ríocht aonarach dóibh a phle mar ríocht inti féin." Maíonn Simon Keynes gur thréimhse ina raibh borradh eacnamaíoch agus sóisialta fúithi í tréimhse an 8ú agus an 9ú haois ina tháinig cobhsaíocht sna limistéir ó dheas don Tamais agus ó thuaidh den Humber. [...]

Ardcheannas Mhercia (626-821)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar léarscáil pholaitiúil na Breataine c650 (na hainmneacha i mBéarla na linne seo)

Léann agus an Manachas (660-793)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léarscáil na Breataine Móire & na hÉireann 802

Mórcheannas na nIar-Shacsanaigh agus Cogaí na n Angla-Lochlannach (793-878)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gob na loinge Oseberg, Músaem nLong Lochlannach, Oslo, an Iorua.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Higham, Nicholas J., and Martin J. Ryan, The Anglo-Saxon World, Yale University Press, 2013.
  2. Higham, Nicholas J., and Martin J. Ryan. The Anglo-Saxon World. Yale University Press, 2013. p. 7.
  3. Richard M. Hogg, ed. 1992, The Cambridge History of the English Language: Vol 1: the Beginnings to 1066.
  4. Higham, Nicholas J., and Martin J. Ryan, 2013, The Anglo-Saxon World. Yale University Press, pp. 7-19.
  5. Hamerow, Helena, 2012, Rural Settlements and Society in Anglo-Saxon England. Oxford University Press, lch.166.
  6. Sarah Knapton (18 March 2015). "Britons still live in Anglo-Saxon tribal kingdoms, Oxford University finds". Daily Telegraph. Retrieved 19 March 2015.
  7. http://www.collinsdictionary.com/dictionary/english/v%C3%B6lkerwanderung
  8. John Hines, Karen Høilund Nielsen, Frank Siegmund, The Pace of Change: Studies in Early-Medieval Chronology, Oxbow Books, 1999, p. 93, ISBN 978-1-900188-78-4
  9. Brown, Peter. The Rise of Western Christendom, 2nd edition. Oxford and Malden: Blackwell Publishing, 2003. p328
  10. Bede, Leabhar III, caibidlí 3 agus 5.
  11. Campbell, J. 1981: The Anglo-Saxons (Oxford) lgh. 80-81
  12. Colgrave, Earliest Life of Gregory the Great, lch. 9.