Rós

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRós
Rosa Cuir in eagar ar Wikidata

Rosa pendulina Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo demogóir róis, Ola róis agus rose hip seed (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhnucule (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdRosales
FineRosaceae
FofhineRosoideae
GéineasRosa Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochRosa cinnamomea Cuir in eagar ar Wikidata

Speiceas iomráiteach tom ilbhliantúil, dúchasach don chuid is mó den leathsféar thuaidh. Maidir leis na róis dreapaire, le fírínne ní dhreapann siad ach fásann suas trí fhásra nó tacaíocht eile, agus ní shleamhnaíonn síos ar ais de bhrí go gcuireann na coilg láidre chrúcacha ar na gais bac air sin. Bíonn na duilleoga cleiteach le 3 dhuilleoigín ubhchruthach fiaclach, nó níos mó de ghnáth. Bíonn siad leathshíorghlas, ag coinneáil cuid de na duilleoga i rith an gheimhridh. I ngnéithe fiáine bíonn 5 pheiteal ar na bláthanna, iad leacaithe nó miaschruthach tanaí, bán nó buí go dtí dearg nó corcra, go minic cumhra. I gcuid mhaith de na róis gairdíní bíonn na bláthanna níos mó, le i bhfad níos mó peiteal ach iad níos fáiscthe freisin, agus mar bharr air seo tá bláthanna teanna fáiscthe rós an chabáiste. Bíonn raon i bhfad níos mó dathanna ag na foirmeacha saothraithe ná na plandaí fiáine. Tugtar an mogóir ar thoradh an róis: bíonn dath flannbhuí, dearg nó dubh air, agus is gabhdán méith é, leata amach chun na haicéiní tirime (na fíorthorthaí) a choinneáil taobh istigh is seipil sheasmhacha mar choróin ar bharr an struchtúir. Itheann éin is ainmhithe na mogóirí, agus is iontach an fhoinse vitimín C é. Na fáis bheodhearga, cosúil le liathróidí snáithe, a fhaightear uaireanta ar chrann róis, is gáil iad, agus foiche ar leith is ciontach astu. Saothraithe leis na cianta, agus is eol go raibh róis sa tSín timpeall 5000 RC. Is dócha go saothraítear an rós níos mó ná aon phlanda maisithe eile. Níos mó ná 20,000 saothróg, a bhfuil ainmneacha ar leith orthu ar fud an Domhain. Bhí ról an-tábhachtach ag an rós i bhforbairt foirmeacha gairdín. Comhartha suaitheantais Shasana.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Rós". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 567.