Dreapaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teannóg
Planda ag dreapadh dréimire

Planda a fhásann i dtreo solas na Gréine trí ghreamú le plandaí, ballaí nó tacaíochtaí eile. Uaireanta úsáidtear an téarma ginearálta ‘féithleog’ dó. Baineann sé feidhm as modhanna éagsúla greamaithe ina dhreapadh: gais is duilleghais chasta, teannóga is fréamhacha aerga. Ní dhéanann fánaithe ach fás i gcoinne tacaíochtaí, go hannamh le crúcaí chun an greamú a fheabhsú. Bíonn gais fhada adhmadacha ag lianaí a fhásann go hard isteach i gceannbhrat na foraoise, sna trópaicí go háirithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Dreapaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 222.