Féithleog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ball de ghné mhór plandaí a chuimsíonn na toim, agus roinnt bheag cineálacha dreapairí adhmadacha le gais fhéithleannacha, duillsilteachsíorghlas. Dúchasach don leathsféar thuaidh, agus fástar go forleathan mar mhaisiúchán í. Na duilleoga urchomhaireach, baill an phéire nasctha timpeall ar an ngas go minic. Na bláthanna déliopach, go minic cumhra, in ascaillí na mbláthanna. Na caora dearg, gorm nó dubh. Pailníonn leamhain an fhéithleog choitianta (an féithleann) is iad ag eitilt istoíche, agus táirgeann sí seo boladh cumhra san oíche.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Féithleog". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 263.