Bunaíodh an club mar chuid de scéim fhadtearmach fhorbatha sacair chomhairle chontae Fine Gall don réigiún.[1] Bunaíodh an club ar 11 Feabhra2007.[2] Bhí an club le himirt séasúr 2008 sa A Championship, ach nuair a thit club sacair Chathair Cill Cheannaigh as céad roinn Sraith na hÉireann tháinig Sporting Fingal isteach in áit.[3] Chríochnaigh sé sa tríú an séasúr sin sa chéad roinn. Bhí séasúr iontach aige sa bhliain 2009; bhain an Sporting dara háit sa roinn amach agus sa chluiche ardaigh bhuaigh sé an áit sa phríomhroinn. Bhuaigh sé Corn FAI chomh maith agus mar sin bhí áit faighte aige i sraith Europa don séasúr 2010–11.[4][5]
Bhí an chéad chluiche don chlub i gcomórtas Eorpach i gcoinne foireann Phoirtaingéileach Marítimo. Chaill siad 3-2 ar oileán Madeira de bharr cúl Marítimo sa 94 nóiméad. Scóráil Glen Crowe an chéad cúl agus fuair Lorcan Fitzgerald an dara cheann. Imríodh an dara cluiche i Dalymount. Bhí Marítimo chun tosaí le cic pionós tar éis 20 nóiméad agus fuair siad an dara cúil sa 67 nóiméad. Scóráil Éamon Zayed cúl i gcomhair Sporting Fingal san 81 nóiméad, fuair Marítimo cúl eile, áfach. Cé go bhfuair Zayed cúl eile críochnaigh an cluiche 3-2.[6]
Tháinig deireadh leis an gclub in éineacht le titim an mhargaidh boilscithe réadmhaoine in Éirinn. Bhí baint ag triúir urraitheoirí an chlub – Gerry Gannon, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Banc Angla-Éireannach – le hiasachtaí rúnda Bainc Angla-Éireannach. Cuireadh srian ar gníomhachtaí gnó Gannon agus ar 26 Samhain, 2010 d'éirigh sé as mar cathaoirleach Sporting Fingal. Ba é Gannon an príomh-tabharthóir, ceaptar gur infhéistigh sé níos mó ná €2m insan gclub. In ainneoin do sin bhí an club ag cailiúnt airgid agus ní raibh siad in ann a áit a líonadh agus i mí Feabhra 2011 chuir Sporting Fingal in iúl go raibh fadhbanna móra airgid aige. Ní raibh siad in ann pá na n-imreoirí a íoc agus bhí orthu conarthaí a chur ar ceal. D'éirigh siad as comortas Corn Setanta Sports 2011 mar aon leis an bpríomhshraith don bhliain 2011.