Cúrsaí spóirt in Éirinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá áit thábhachtach ag an spórt in Éirinn. Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh, na Cluichí Gaelacha. Is é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo in Éirinn. Tá suim ag go leor daoine sa sacar. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann (agus IRFU) ar son an oileáin ar fad i gComórtas na Sé Náisiún.

Na Cluichí Gaelacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirc an Chrócaigh: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann sa bhliain 2005.

Tá tábhacht ar leith in Éirinn leis na cluichí Galaacha, agus is iad Cumann Lúthchleas Gael agus Cumann Peile na mBan a d'fhorbair, agus a reachtálann fós, traenáil agus comórtais i gcluichí na nGael. Ina measc siúd tá an pheil Ghaelach, iomáint agus camógaíocht agus liathróid láimhe. Ní íoctar na traenáilithe nó na himreoirí go hiondúil ach mar sin féin eiríonn le lúthchleasaithe agus imreoirí spóirt na tíre ardchaighdeán a bhaint amach sna cluichí dúchasacha. Bíonn Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sa Ghaeltacht gach bliain. Imrítear 'corr' go hiondúil i measc na n-óg in Éirinn, ach ní mórán eagair a chuirtear air. Is spórt ársa é an An Bol Bóthair chomh maith a imrítear in áiteanna áirithe in Éirinn.

Rugbaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear an rugbaí go coitianta in Éirinn. Imríonn foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann i gComórtas na Sé Náisiún. Imríonn na cúigí i Sraith RaboDirect PRO12 agus i gCorn na hEorpa.

Sacar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an sacar ar na spóirt is coitianta in Éirinn. Tá sacar na mban tagtha ar aghaidh go mór le roinnt blianta anuas. Tá an spórt ag dul ó neart go neart an t-am ar fad.

Spóirt eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann rugbaí náisiúnta na hÉireann ag imirt i gcoinne na Seoirsia (2007)

Tá go leor cluichí foirne ann, agus imrítear an chuid is mó acu áit éigin in Éirinn. Ar na cluichí is tábhachtaí tá sacar, rugbaí, cispheil, leadóg, hacaí, hacaí oighir, cricéad, cluiche corr, daorchluiche, peil Astrálach, peil Mheiriceánach agus peil Cheanada atá gaolta leis, lacrosse agus liathróid láimhe.