Siansa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is siansa[1] ann ná saothar ceolfhoirne, a thosaigh san 18ú céad bíodh is go raibh an téarma in úsáid roimhe sin le ciall eile. Sna siansaí clasaiceacha de chuid Haydn, Mozart, Beethoven is Schubert, bhí 4 ghluaiseacht, gluaiseacht mhear i bhfoirm sonáide, gluaiseacht mhall, minit nó scherzo, agus an críochcheol, go minic i bhfoirm sonáide cosúil leis na gcéad ghluaiseacht. Sa 19ú céad athraíodh an struchtúr seo cuid mhaith. Mar shampla, tá 5 ghluaiseacht i siansa fantaiseach de chuid Berlioz, mar a rinne Beethoven ina 9ú Siansa inar bhain sé feidhm as cór is amhránaithe aonair. Rinne cumadóirí eile a leithéid, Mahler go háirithe. Sa 20ú céad rinne cumadóirí athruithe móra eile sa struchtúr, agus chum Sibelius siansa aonghluaiseachta (a 7ú Siansa, 1924) ag an am céanna a bhí Stravinsky ag tabhairt an tsiansa chlasaicigh ar ais.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “symphony — Aistriúchán Gaeilge ar symphony (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-14.
  2. Hussey, Matt (2011). "Siansa". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 596.