Jump to content

Feamainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Carraig agus feamainn uirthi sa Ríocht Aontaithe
sailéid
Port na Feamainn, Colonsay.
feamainn: tá na cothaithigh riachtanacha ann
Arramara Teo, Cill Chiaráin

Glaoitear feamainn[1] ar réimse leathan algaí móra. Tá trí chineál dathanna ann: glas, dearg agus donn.[2] Is iomaí úsáid thairbheach is féidir a bhaint as an fheamainn. Cuirtear ar an talamh mar leasachán í, itear í, agus baintear úsáid go forleathan aisti mar fhoinse ailgionáití. Is cineál de ghlóthach iad na hailgionáití a úsáidtear le roinnt mhaith gnáthrudaí a dhéanamh tiubh nó a chobhsú - uachtar reoite, mar shampla, agus beoir.[3]

Úsáidimid feamainn ar bhealaí éagsúla, cuid acu neamhghnách,

Itear feamainn go háirithe san Áise Thoir.

D'itheadar feamainn in Éirinn, go formhór i rith an Ghorta Mhóir, agus mar gheall air sin bhí ceangal idir feamainn agus bochtanas i meon an phobail.[4]

In uachtar reoite a dhéantar i monarchana, tá algaí leis chun go mbeidh sé mín[5]. Tá saghsanna áirithe algaí i dtaos fiacla, cáis, iógart, creathán bainne agus a lán rudaí eile a úsáidimid go laethúil.

Úsáidtear an fheamainn mar leasachán don talamh le fada in Éirinn.[4] Cuirtear faoin talamh é. "An talamh a fheamnú" a deirtear.

Anois úsáidtear an fheamainn chun leasachán eile a chruthú; is leasachán nádúrtha é.[6]

Smideadh agus talasaiteiripe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an comhlacht Voya Spa nó "Celtic Seaweed Baths"[7] ag cur folcadh feamainne ar fáil.[3]

Príomhalt: Talasaiteiripe

Thug an fheamainn cothú do mhuintir Iarthar na hÉireann ar feadh na mílte bliain. Bhí na glúnta sin a tháinig le linn an 12ú haois ag braith ar fheamainn mar ábhar leighis, mar chothú bia agus i gcleachtais feirmeoireachta.[8]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Arramara Teo
  • Ailgionáití, salainn cailciam an aigéad ailginigh a fhaightear i bhfeamainn.
  • Alga: Síneann na foirmeacha algaí ó phlanctón simplí plandúil aoncheallach go dtí feamainn thromábhal anfhada.
  • Ascophyllum nodosum: Speiceas de Phaeophyceae nó d'algaí donna, san fhine Fucaceae
  • Ceilp: Feamainn mhór dhonn atá coiteann i gcreasanna ísle idirthaoide is fo-thaoide
  • Duileasc: Itear é mar smailc bheag bia nó mar scroid in Éirinn.
  1. i mBéarla, seaweed
  2. Seaweed Site from Michael Guiry. "What are seaweeds? / Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-07. Dáta rochtana: 2009-12-31.
  3. 1 2 Liz Curtis (EAGRÁN 26 · MEITHEAMH 2003). "Fámaireacht agus feamainn" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-04.
  4. 1 2 irishseaweed.com. "seaweed resources Ireland - odf / Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-11-21. Dáta rochtana: 2009-12-31.
  5. Eureka 12.32 COGG http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/Eureka_Irish_12.32.pdf%5B%5D
  6. Seaweed Site from Michael Guiry. "Irish seaweed agrochemicals". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-09. Dáta rochtana: 2009-12-31.
  7. "Home | Voya Seaweed Baths". www.voyaseaweedbaths.com. Dáta rochtana: 2024-07-04.
  8. arramara.ie (2024). "Connemara Seaweed Processing Company | Arramara History" (ga-IE). Arramara. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-03-01. Dáta rochtana: 2024-07-04.