Leasú (talmhaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is leasú ann ná ábhar a sholáthraíonn cothú do phlandaí nuair a chuirtear leis an ithir é.

Úsáidtear an téarma de ghnáth chun tagairt do cheimiceáin neamhorgánacha ina bhfuil ceann nó níos mó de na cothuithe bunúsacha plandúla nítrigin, fosfar nó potais. Clúdaíonn sé comhdhúile ina bhfuil riandúile cosúil le bórón, cóbalt, copar, iarann, mangainéis, molaibdéineam is sinc. Clúdaíonn sé aol freisin, chun aigéadacht na hithreach a cheartú, agus ábhair tiubhaithe orgánacha, cosúil le fuil thriomaithe is min chnámh. Níos ginearálta, cuimsíonn an téarma ábhair orgánacha cosúil le múirín is aoileach eallaigh. Cuirtear leasuithe san ithir i bhfoirm leachtach, gráinneach, nó púdair, agus is féidir iad a instealladh go díreach sa talamh nó a leathadh ar an dromchla. De ghnáth, tagann nítrigin i bhfoirm níotráití nó comhdhúile amóiniam, tagann fosfar i bhfoirm fosfáití, agus potais i bhfoirm clóiríd photaisiam nó sulfáit photaisiam. Ó dheireadh an dara cogadh domhanda tá méadú mór tagtha ar an oiread leasuithe saorga a úsáidtear chun táirgeadh na ngrán a mhéadú. Ach má úsáidtear farasbarr leasuithe nítrigineacha, is féidir sruthanna uisce is soláthairtí uisce inólta a thruailliú, agus mar sin, leagtar síos teorannuithe i dtíortha áirithe ar an méid leasaithe a cheadaítear a úsáid ar an talamh gach séasúr.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leasú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 401.