Fosfar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachFosfar

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Fosfar sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachP
Uimhir adamhach15
Mais adamhach30.973761998
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p³ agus [Ne] 3s² 3p³
Peiriad, Grúpapeiread 3
Dúil Ghrúpa 15
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2.19
Ga ianach0.17 agus 0.38
Stair
AimsitheoirHennig Brand
Fionnachtain1669
EapainmPhosphorus (en) Aistrigh

Is é an fosfar dúil cheimiceach uimhir a cúig déag.. Tá sé 30.973762 g/mol ar mheáchan adamhach, agus is é P an tsiombail cheimiceach. Neamh-mhiotal é an fosfar a bhfuil a lán allatróp éagsúil aige. Bíonn an fosfar coitianta go leor sa dúlra, ós fosfáití iad a lán cineálacha cloiche. Tugtar fosfaracht nó fosfaraíocht ar an méarnáil a thagann i substaintí áirithe agus iad tar éis solas nó radaíocht a shú isteach, ach le fírinne, ní fosfaracht den chineál seo atá i gceist le méarnáil an fhosfair bháin, ach ceimealonracht. Is é sin, tá imoibriú ceimiceach ar siúl idir an fosfar agus ocsaigin an aeir - tá an fosfar bán á dhó os íseal, ag déanamh cráindó - agus is é an t-imoibriú sin is cúis leis an loinnir.

Aithnítear a lán iseatóp radaighníomhach ag an bhfosfar, ach is é 31P an t-aon cheann cobhsaí atá aige, agus dá réir sin níl ach iarsmaí d'iseatóip eile le haithint i bhfosfar an dúlra. Is iad an dá raidiseatóp is cobhsaí ná 32P (leathré: 14.268 lá) agus 33P (leathré: 25.34 lá).

Tá an fosfar an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh, agus mar sin, ní fhaightear ina dhúil é sa dúlra. Tá ról tábhachtach aige sa bhitheolaíocht, agus teacht air san aigéad dí-ocsairibeanúicléasach, san aigéad ribeanúicléasach, sa trífhosfáit adanóisín, sna fosfailipidí agus i gcuid mhaith substaintí bithcheimiceacha eile. Úsáidtear fosfar i leasú talún, i dtaos fiacla, i gcipíní, i néargháis, i dtine ealaíne, i bhfeithidicídí agus i nglantaigh.

Ba é an t-ailceimiceoir Gearmánach Hennig Brandt a d'aonraigh an fosfar bán an chéad uair sa bhliain 1669, nuair a bhí sé ag iarraidh órchloch a dhéanamh as a chuid múin féin.

Amach ón bhfosfar bán, tá roinnt allatróp eile ag an dúil seo. Tá an fosfar bán comhdhéanta as móilíní ceithre adamh, P4, agus is iad na móilíní seo atá le fáil san fhosfar ghásaithe chomh maith, ach titfidh siad as a chéile go móilíní dé-adamhacha P2. Nimh atá san fhosfar bhán, ós rud é go bhfuil sé an-araiciseach chun imoibriú a dhéanamh. Maidir leis an bhfosfar dearg, tá sé comhdhéanta as slabhraí fada polaiméireacha. Is féidir fosfar dearg a fháil tríd an bhfosfar bán a théamh suas go 250 °C. Ar dtús, gheofar fosfar dearg dímhorfach, ach ansin, má choinnítear ag téamh an fhosfair, tiocfaidh struchtúr criostalach ann.

Tá na fisiceoirí in ann trí iseatóp is fiche a aithint ag an bhfosfar, ach is é fosfar a 31 an t-aon cheann atá cobhsaí. Mar sin, is é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra.

Tá an fosfar saibhir in ocsaigéad éagsúla. Seo iad na cinn is tábhachtaí:

An Staid Ocsaídiúcháin An Fhoirmle An tAinm Prótóin Aigéadacha Comhdhúile
+1 HH2PO2 Aigéad hipeafosfarúil 1 (tabhair faoi deara
go bhfuil dhá
adamh hidrigine
nasctha den adamh fosfair
go díreach, gan
aon adamh ocsaigine
eatarthu - mar sin
ní féidir leo
prótalú a dhéanamh)
aigéad, salainn
+3 H2HPO3 Aigéad fosfarúil 2 (tá an tríú
hadamh hidrigine
nasctha go díreach
den adamh fosfair
agus ní féidir leis
prótalú a dhéanamh
aigéad, salainn
+3 HPO2 Aigéad meiteafosfarúil 1 salainn
+3 H3PO3 Aigéad ortafosfarúil 3 aigéad, salainn
+5 (HPO3)n Aigéad meiteafosfarach n salainn (n=3,4,6)
+5 H(HPO3)nOH Aigéad polafosfarach n+2 aigéad, salainn (n=1-6)
+5 H5P3O10 Aigéad trípholafosfarach 3 salainn
+5 H4P2O7 Aigéad pireafosfarach 4 aigéad, salainn
+5 H3PO4 Aigéad fosfarach sa chiall chúng, aigéad ortafosfarach 3 aigéad, salainn

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]