Allatrópacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is allatróip ann ná struchtúir éagsúla móilíneacha nó criostalacha a bhíonn ag aon dúil cheimiceach amháin, ionas gur dual don neamheolaí a chreidiúint gur dúile difriúla ar fad atá iontu. Is é is cúis leis an allatrópacht ná na hadaimh a bheith ceangailte dá chéile le naisc dhifriúla.

Dúile amháin atá i gceist leis an allatrópacht. Más comhdhúile atá ann, tugaimid polamorfacht ar an bhfeiniméan.

Bíonn cobhsaíocht na n-allatróp ag brath ar an teocht agus ar an mbrú. Mar shampla, is é an stán miotalach is cobhsaí os cionn 13.2 céim Celsius, ach faoi bhun na teochta sin tiocfaidh "plá" ar an stán, ionas go gclaochlóidh sé go hallatróp eile, stán neamh-mhiotalach nach bhfuil úsáid ann.

Go tipiciúil, ní bhíonn na hallatróip éagsúla ar fáil ach sa phas soladach. Mar shampla, má leáitear fosfar - pé allatróp atá ann - gheofar leacht den chineál chéanna, P4, is é sin, leacht atá comhdhéanta as móilíní ceithre adamh. Ón taobh eile de, áfach, tá an trí phas - solad, gás agus leacht - ag an ózón, ar allatróp de chuid na hocsaigine é. Tá trí adamh i móilín an ózóin, O3, agus dhá adamh i móilín na gnáthocsaigine O2.

Chuala an saol mór iomrá ar dhá phríomhallatróp an charbóin, mar atá, graifít agus diamant. Tá struchtúr tríthoiseach ag an diamant, ionas go bhfuil na hadaimh ceangailte go daingean dá chéile, rud a fhágann an diamant an-chrua. Ón taobh eile de, tá an ghraifít comhdhéanta as macramhóilíní déthoiseacha, cineál sraitheanna nach bhfuil ach lagnaisc eatarthu. Mar sin, bíonn an ghraifít bog sobhriste. Le déanaí, d'éirigh leis na saineolaithe allatróip nua charbóin a chruthú, ar nós fullairéiní agus nainfheadáin.

Dúil é an fosfar atá an-saibhir in allatróip. Is é an fosfar bán an ceann a gheofar nuair a fhuaróidh fosfar leáite. Substaint nimhiúil dhainséarach é an fosfar bán ar dual di uathadhaint a dhéanamh - is é sin, rachaidh sé trí thine uaidh féin. Tá an fosfar dearg níos cobhsaí, agus is é an fosfar dubh an t-allatróp is cobhsaí le teocht an tseomra, cé go bhfuil sé riachtanach an fosfar bán a théamh faoi bhrú an-ard lena chlaochlú go fosfar dubh. Thairis sin, sa bhliain 1865 d'éirigh leis an eolaí Gearmánach Johann Wilhelm Hittorf allatróp nua a chruthú, mar atá, fosfar vialait.