Aoileach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aoileach

Ábhar orgánach a úsáidtear mar leasú talún. De ghnáth is fearadh stoc, measctha le cochán nó easair eile, a úsáidtear i gcomhair áit istigh d'ainmhithe. Nuair a choimeádtar ainmhithe istigh gan mórán cocháin, i gcóras dian, táirgtear sciodar, meascán d'fhearadh is uisce. Faightear aoileach eile ó fheamainn is ceilp a bhaintear ón bhfarraige nó an cladach. Tá aoiligh eile ann a fhaightear ón tionscal éisc, próiseáil múnlach baile is eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aoileach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 43.