Molaibdéineam
Molaibdéineam | |
Siombail Cheimiceach | Mo |
Uimhir Adamhach | 42 |
Meáchan Adamhach | 95.94(2) g·mol−1 |
Grúpa, Peiriad | 6, 5, d |
Dlús | 10.28 g·cm−3 |
Sraith Cheimiceach | Miotail trasdultacha |
![]() |
Is é an molaibdéineam dúil uimhir a 42 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Mo. Ba é Peter Jacob Hjelm, an ceimiceoir Sualannach, ba thúisce a d'aonraigh ina dhúil é, thiar sa bhliain 1781. Cupla bliain roimhe sin, áfach, d'aithin Carl Wilhelm Scheele mar dhúil ar leith é, cé nach raibh sé ábalta na comhdhúile a dhí-ocsaídiú go miotal glan. Bhí aithne ar a lán mianraí molaibdéinim i bhfad roimhe sin féin, áfach.
Ceann de na miotail trasdultacha é an molaibdéineam, agus é sa ghrúpa chéanna leis an gcróimiam agus leis an tungstan. Miotal liath é. Tá sé níos cosúla leis an tungstan, ó thaobh na ceimice de.
Tá an t-ainm sin "molaibdéineam" bunaithe ar ainm na luaidhe sa Ghréigis. Is í an fhoinse is fearr molaibdéinim atá ar fáil sa dúlra ná an mianra ar a dtugtar molaibdéinít. Tá a fhios againn inniu gurb éard atá ann ná déshuilfíd an mholaibdéinim, MoS2, ach shíl na daoine ar feadh i bhfad gur comhdhúil de chuid na luaidhe a bheadh ann.
Tá seacht n-iseatóp nádúrtha ag an molaibdéineam, agus an chuid is mó acu cobhsaí. An cupla ceann acu atá radaighníomhach, is follasach go bhfuil leathré an-fhada acu. Is é an t-iseatóp is flúirsí ná Mo-98, a sheasann d'aon adamh molaibdéinim as an gceathrar, beagnach (24.13 % de mholaibdéiniam an dúlra, le bheith beacht).
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +2, +3, +4, +5, agus +6.