Jump to content

Talasaiteiripe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
sa Iordáin[1]

Baineann talasaiteiripe[2] úsáid as uisce sáile mar chineál teiripe. Cabhraíonn sé corp an duine a chur ar maos in uisce sáile, a deirtear.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an-tóir ar shnámh san fharraige sa 19ú haois, agus síleadh gur teiripe mhaith a bhí ann. Ag deireadh na haoise sin, d’oscail an Dr. Louis Bagot institiúid i Roscoff sa Bhriotáin a bhain úsáid as uisce te mara agus feamainn le feabhas a chur ar dhaoine a raibh dathacha orthu nó ar tharla timpiste dóibh.

Tháinig rath air sna 1960idí nuair a chuaigh an curadh-rothaí Louison Bobet go dtí an t-ionad ag Roscoff i ndiaidh dó timpiste tráchta tromchúiseach a bheith aige. Tháinig biseach dochreidte air, ansin chuidigh sé le hionaid nua a chur chun cinn. Sna 2000idí, bhí caoga ionad *thalassotherapy *ar chóstaí na Fraince, agus iad ag gealladh gur féidir leo chóir a bheith achan easláinte faoin spéir a leigheas.

Folcadáin fheamainne na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an comhlacht Voya Spa nó "Celtic Seaweed Baths"[4] ag cur folcadh feamainne ar fáil.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. babeltravel (2008-11-21). "Having a 'float'. Dead Sea, Jordan.". 
  2. i mBéarla, thalassotherapy
  3. "Thalassotherapy: 5 benefits of seawater therapy" (en). www.medicalnewstoday.com (2022-03-14). Dáta rochtana: 2024-07-04.
  4. "Home | Voya Seaweed Baths". www.voyaseaweedbaths.com. Dáta rochtana: 2024-07-04.
  5. Liz Curtis (EAGRÁN 26 · MEITHEAMH 2003). "Fámaireacht agus feamainn" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-04.