Snámhacht (próiseas)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas chun codanna áisiúla mianraí a scaradh amach ón bhfuíoll trí ghreamú roghnaíoch pháirteagail an ábhair inmhianaithe le bolgáin sa choipeadh. Tumtar an mianra san uisce, agus séidtear aer tríd sin. Is féidir cumadh na mbolgán a chur ar aghaidh le hoibreáin dhromchlaghníomhacha nó choipeacha.