Jump to content

Ailgionáit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is ailgionáit[1] ann ná salann cailciam an aigéid ailginigh a fhaightear i bhfeamainn. Cruthaíonn ailgionáití tuaslagáin shlaodacha a choinníonn toirt an-mhór uisce. Úsáidtear iad i ndéantúsaíocht bianna mar oibreáin tiubhaithe i dtáirgí cosúil le huachtar reoite is iógart. Ní dhíleátar iad sa stéig bheag, ach coiptear iad ag micreafhásra sa stéig mhór.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): ailgionáit” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-06-21.
  2. Hussey, Matt (2011). "Ailgionáití". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 18.