Galar Hodgkin
| Cineál | liomfóma |
|---|---|
| Eapainm | Thomas Hodgkin |
| Speisialtacht leighis | haemaiteolaíocht |
| Cóireáil chliniciúil | |
Cógais | |
| Pataigineas | |
| Cúis ghéiniteach | GATA3, TCF3, CLSTN2, EOMES, IL13 agus PVT1 |
| Cúis | Epstein–Barr virus infection (en) |
| Aicmiú | |
| ICD-11 | 2B30 |
| ICD-10 | C81.9 agus C81 |
| ICD-9 | 201.0, 201.2, 201.1, 201 agus 201.9 |
| ICD-O | 9650/3, 9667/3 agus 965-966 |
| CIAP | B72 |
| Acmhainní seachtracha | |
| Enciclopèdia Catalana | 0032786 |
| OMIM | 236000, 300221 agus 400021 |
| DiseasesDB | 5973 |
| MedlinePlus | 000580 |
| eMedicine | 201886 |
| Patient UK | hodgkins-lymphoma-pro |
| MeSH | D006689 |
| Orphanet | 98293 |
| UMLS CUI | C0019829 |
| DOID | DOID:8567 |
Liomfóma, nó ailse i limficítí an chóras imdhíonachta, is ea galar Hodgkin nó liomfóma Hodgkin. Tá sé ainmnithe as an dochtúir Sasanach a thug an chéad chur síos air, thiar sa bhliain 1832 - Thomas Hodgkin, a bhain clú amach ina phaiteolaí agus ina shaineolaí ar mhíochaine choisctheach. Cruthaíonn liomfóma Hodgkin siadaí sna faireoga limfe, agus é ag ascnamh go hordúil ó fhaireog go faireog. Aithnítear an galar ar chealla móra míchumtha den chineál ar a dtugtar cealla Reed-Sternberg.
Básmhaireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur galar dainséarach tromchúiseach é liomfóma Hodgkin, ní bhíonn sé chomh marfach inniu agus a bhíodh tráth. Le fírinne, tá sé ar ceann de na hailsí is soleigheasta amuigh. Is féidir é a leigheas le radaíocht nó le ceimiteiripe, agus tagann biseach ar 90 - 95 % de na hothair. An t-othar nár tháinig ar lorg cóireála sula raibh sé ar bhruach an bháis, is minic a bhí míochaine an lae inniu ábalta é a tharrtháil.
Ar na daoine óga ó 15-35 bliana d'aois is mó a shiúlann galar Hodgkin, ach is minic a thagann sé ar dhaoine scothaosta (os cionn 55 bliana d'aois) freisin.
Daoine a bhfuair bás ó liomfóma Hodgkin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- John Millington Synge, 1909.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |