Aispeist

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search


Aispeist
Aispeist
Catagóir Mianra
Ceimic Dé-ocsaíd shilice SiO2
Dath Glas, dearg, buí, bán, liath, gorm
Líne (mianreolaíocht) Bán
Criostalghnás Tríogánach
Briseadh Snáithíneach
Scála Mohs 2.5–6.0
Athraonadh solais 1.53–1.72
Dé-athraontas 0.008
Easrán 0,013

Is éard is aispeist ann ná ainm a thugtar ar raon mianraí snáithíneacha as an ngrúpa nathairíneach is an grúpa amfabólach. Is féidir na snáithíní a scaradh amach is a fhí ina n-éadach nó a fheiltiú ina leatháin. Inslitheoir maith teirmeach is leictreach, nach ndónn, atá frithsheasmhach i gcoinne ionsaí cheimicigh. Is iad na cineálacha a úsáidtear sa déantúsaíocht ná crisilít (aispeist bhán) ar ábhar nathairíneach í, agus croicidilít (aispeist ghorm) ar amfaból í. Baintear feidhm as amaisít (aispeist dhonn) freisin. Cuireann gach cineál aispeiste tús le haispeastóis, agus is carcainiginí iad croicidilít is amaisít, is b'fhéidir crisilít. Mar sin, tá bac nó páirtbhac ar a n-úsáid i gcuid mhaith tíortha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá fianaise ann go raibh an aispeist á húsáid 4,500 bliain ó shin, ar a laghad, nó bhíodh muintir an réigiúin timpeall ar Loch Juojärvi in Oirthear na Fionlainne ag cur sracadh ina gcuid earraí potaireachta leis an mianra aispeiste ar a dtugtar antaifillít. Is dócha gurbh é an Gréagach Theophrastus an chéad duine a luaigh an aispeist sa saothar a bhreac sé síos faoi chlocha timpeall na bliana 300 r.Ch., cé nach bhfuiltear ar aon fhocal faoi gurbh í an aispeist a bhí i gceist aige. Sa dá chineál Gréigise - Nua-Ghréigis agus Sean-Ghréigis - is é an focal a thagraíonn don aispeist ná amiantos ("glan", "neamhshalaithe"), focal a chuaigh in úsáid san Fhraincis mar amiante agus sa Spáinnis agus sa Phortaingéilis mar amianto. Is é is aonchiall leis an bhfocal Gréigise úd asvestos/ἀσβεστοςasvestis/ασβέστης ná aol.

Is féidir an téarma úd aispeist nó asbestos a rianú siar go dtí an lámhscríbhinn úd Naturalis Historia nó Stair an Dúlra a tháinig ó pheann Phlinias Mór sa chéad aois A.D. Ba é an téarma a bhí aige ná asbestinon, "an rud domhúchta". Is minic a deirtear gurbh é Plinias Mór nó a nia, Plinias Óg, an chéad duine a d'aithin an dochar atá san aispeist do shláinte an duine dhaonna, ní féidir a leithéid de thagairt a aithint i saothar aon duine den dá Phlinias.

Scríobh Atanás i gCathair Alastair, an Éigipt, timpeall ar 318 AD ná: "Is dual don tine dó a dhéanamh. Cuir i gcás ansin, go bhfuil damhna ann atá cosúil le haispeist na hIndia, mar a deirtear - damhna nach eagal dó dul trí thine, agus é in ann éagumas na tine a nochtadh, ós rud é nach bhfuil sé féin indóite. Aon duine atá in amhras faoi seo, níl uaidh ach é féin a chumhdach san ábhar atá i gceist agus baint don tine ansin."

Ba nós le Peirsigh shaibhre ceirt éadaigh a chur trí thine le hí a ghlanadh. Mar shampla, deir an scríbhneoir al-Tabari, a mhair sa naoú-deichiú haois, go raibh naipcín (منديل‎ an focal Peirsise) ag an rí Khosrow II Parviz (ag rialú sna blianta 590-628), rí de theaghlach na Sasánach a ghlanadh sé sa tine. Creidtear go raibh éadach den chineál seo déanta as aispeist a tháinig thar shléibhte Hindu Kush. Deir al-Biruni, fear léinn Peirseach a dtugtar "athair an léinn Indiaigh" air, ina leabhar Na Néamhainn go dtugtaí shostakeh (شستكه‎) ar gach éadach a bhí déanta as āzarshost (آذرشست‎), is é sin aispeist. Chreid Peirsigh áirithe gur fionnadh ainmhí a bhí san aispeist: thug siad samandar (سمندر) ar an ainmhí seo, agus iad ag déanamh go maireadh sé sa tine agus go bhfaigheadh sé bás dá dtiocfadh sé i dteagmháil leis an uisce. Tá an focal sin samandar cosúil go maith le "salamandar", agus is dócha gur ar an scéal seo a bunaíodh an seanchreideamh go raibh an salamandar in ann dul trí thine gan ghránú.

Ré na Tionsclaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aithint na Nimhiúlachta[cuir in eagar | athraigh foinse]