Aispeastóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Aispeastóis

Saghas fibróise sna scamhóga a tharlaíonn mar thoradh ar ionanálú snáithíní aispeiste. Téann na snáithíní aispeiste isteach sa scamhóg, agus tosaíonn próiseas athlasta a dhéanann coilm is a mhilleann na fíocháin scamhógacha de réir a chéile. Tosaíonn siomtóim 15-25 bliain i ndiaidh an nochta, casacht is giorra anála a dhíblíonn an duine go mór. Is féidir go gcuirfidh nochtadh don aispeist tús le hailse scamhóg agus méisitéilióma (ailse líneáil an chliabhraigh nó an bhoilg) freisin.