Culacach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é is Culacach ann ná leagan Gaeilge den fhocal Rúisise кулак (kulak) a chiallaíonn "dorn dúnta" - sin, nó feirmeoir saibhir a bhfuil ag éirí leis agus a choinníonn torthaí a chuid oibre ina dhorn dúnta féin.

Cruthú na gCulacach mar aicme[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, b'ionann na Culacaigh agus na saorfheirmeoirí a tháinig chun tosaigh sa Rúis de bharr na leasuithe sóisialta a chuir an Príomh-Aire Pyotr Stolypin i bhfeidhm sa Rúis Impiriúil ón mbliain 1906 i leith. Chruthaigh leasuithe Stolypin aigne nua úinéirí talún a raibh cead acu tailte a fháil ó na mórthiarnaí talún ar creidmheas, agus oibreacha feirme á ndéanamh acu leis na fiacha seo a ghlanadh. Ba é cuspóir na scéime seo ná tús a chur le "meánaicme" feirmeoirí.

Na Culacaigh agus na Boilséivigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig na Boilséivigh i gcumhacht sa Rúis, is é an dearcadh a bhí acu gur cineál caipitlithe nó rachmasóirí tuaithe a bhí sna Culacaigh, agus go raibh siad ag teacht i dtír ar na scológa ba bhoichte. Thairis sin, bhí na Boilséivigh dírithe ar na tailte a chomhshealbhú agus a roinnt idir na feirmeacha comhsheilbhíochta, is é sin, na calchais. Bhí na Culacaigh ag cur isteach ar an gcomhsheilbhíocht, agus mar sin, chrom na Boilséivigh ar an "dí-Chulacú", nó "díothú na gCulacach mar aicme", ar fheachtas forleathan in aghaidh na gCulacach.

An Feachtas Frith-Chulacach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an feachtas frith-Chulacach sa bhliain 1929. An bhliain roimhe sin, rith an bia gann ar an arm agus ar mhuintir na gcathrach, agus bhí an rialtas Boilséiveach den tuairim go raibh sé riachtanach na tailte tuaithe a thabhairt chun comhsheilbhíochta le nach bhféadfadh na feirmeoirí an t-arbhar agus an fheoil a choinneáil as aice láimhe ó mhuintir na gcathrach i ré an ghanntanais. Chaithfeadh na feirmeoirí na hainmhithe a thabhairt uathu do na calchais - do na feirmeacha comhsheilbhíochta - rud nár thaitin leo ar aon nós. B'fhearr leo na hainmhithe a mharú agus an fheoil a ithe nó a dhíol, rud a cheadaigh an chéad pholasaí comhsheilbhíochta dóibh. Ar an mbealach seo, maraíodh na milliúin ainmhithe san Aontas Sóivéadach i rith an chéad dá mhí den bhliain 1930. Cailleadh aon cheathrú cuid de bheostoc na tíre.

Is é an chiall a bhain an Rialtas Sóivéadach as seo ná go raibh na feirmeoirí - na Culacaigh, an namhaid polaitiúil de réir thuiscint theoiriciúil an Chumannachais - ag iarraidh sabaitéireacht a dhéanamh ar gheilleagar na tíre go toilghnústa.

D'éiligh Stailín go gcuirfí deireadh giorraisc le gach cineál diúnais agus go "leachtófaí" - is é sin, go scriosfaí - "na Culacaigh mar aicme". Thoiligh an páirtí leis an éileamh seo, agus chuaigh na Cumannaigh chun cogaidh ar na Culacaigh. Bhí cuid acu le cur chun báis, cuid eile le cimiú i gcoilíneachtaí daorbhroide, agus cuid eile fós le díbirt go himeall na tíre. Maraíodh na mílte feirmeoirí, coigistíodh a maoin shaolta, agus ruaigeadh na céadta mílte acu go dtí an tSibéir nó go Lár na hÁise.

Is minic nach bhfuair na húdaráis áitiúla ach cuóta oibre, is é sin, tugadh ordú dóibh íosmhéid áirithe Culacach a aithint agus a chimiú. Ansin, chaithfidís an líon sin daoine a ghabháil - an cuóta a chomhlíonadh - ar eagla go bhfaighidís féin trioblóidí leis an bPáirtí uilechumhachtach. Mar sin, is minic a rinneadh "Culacach" de scológ éigin nach raibh ag "dúshaothrú" ach a chlann mhac féin (ceann de chomharthaí sóirt an Chulacaigh ab ea go raibh sé ag tabhairt oibre do scológa eile ar phá - chruthaigh sin gur "caipitlí agus dúshaothróir" a bhí ann), sin nó sainaithníodh gach scológ a raibh díon miotail ar a theach mar "Chulacach" (ó nach bhféadfaidís an miotal a íoc mura raibh ailp airgid an "chaipitlí" acu). Iad siúd a bhí ag obair do na Culacaigh, cimíodh mar podkulachniki iad - lucht tacaíochta na gCulacach.

An Purgú Mór agus athbheochan an fheachtais in aghaidh na gCulacach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1937, thosaigh an Purgú Mór san Aontas Sóivéadach. Bhí an purgú seo dírithe ar sheanghlúin an Pháirtí thar aon dream eile, ach mar chuid den phurgú, chuaigh an speal ar na h-"iar-Chulacaigh" freisin. An iarracht seo, ní raibh ach an dá rogha ann: pionós báis nó príosúnú sna campaí daorbhroide.

Cuid mhór de na Culacaigh a díbríodh go dtí an tSibéir nó an Chasacstáin, bhí siad in ann déanamh as dóibh féin agus saol réasúnta saibhir a bhaint amach dóibh féin arís. Nuair a thosaigh an Purgú Mór, glacadh leis seo mar fhianaise nach raibh an "dí-Chulacú" curtha i gcrích mar ba chóir. Mar sin, cuid mhór de na feidhmeannaigh a ghlac páirt sa chéad dí-Chulacú ón mbliain 1929 ar aghaidh, cuireadh chun báis iad nó caitheadh i dtóin phríosúin iad. Maidir leis na Culacaigh féin, ba í a ndúthracht oibre féin a chaill as an nua iad, nó de réir lámhleabhar na mBoilséiveach, ba fianaise í go raibh na Culacaigh ag sabaitéireacht agus ag dúshaothrú arís. Go háirithe, ba tromchion é go raibh na Culacaigh chomh dána is go raibh siad ní ba saibhre ná lucht na gcalchas a bhí suite in aice leo - ba í an tsabaitéireacht an t-aon mhíniúchán amháin a rith leis na hidé-eolaithe, nó, de réir an lámhleabhair chéanna, ní fhéadfadh na feirmeoirí príobháideacha a bheith níos rathúla ná na feirmeoirí comhsheilbhíochta, mura raibh camastaíl éigin idir lámha acu.

Líon na nDaoine a maraíodh[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na gcartlann Sóivéadach, a tháinig i gcló sa bhliain 1990, díbríodh 1,803,392 duine go dtí na coilíneachtaí daorbhroide agus na campaí géibhinn sna blianta 1930 agus 1931. De réir na leabhar nótaí, bhain 1,317,022 amach a gceann scríbe. An chuid eile, is dócha go bhfuair siad bás le linn na díbeartha, nó gur éalaigh siad. Níor tháinig deireadh leis an díbirt i ndiaidh na bliana 1931, ach maolaíodh ar an scála. De réir na dtuairiscí atá ann, fuair 389,521 duine -idir Chulacaigh agus lucht gaoil dá gcuid - bás sna coilíneachtaí daorbhroide sna blianta 1932-1940.

Is deacair a rá, cá mhéid daoine a fuair bás de dheasca "leachtú na gCulacach mar aicme sa tsochaí". Maidir leis na sonraí atá againn as na cartlanna Sóivéadacha, ní féidir a léamh astú go cruinn cá mhéid a tháinig slán ná cá mhéid a d'éalaigh, nó cá mhéid a gheobhadh bás gan díbirt. Ní thugann na sonraí seo le fios ach an oiread, cá mhéid a fuair báis sna príosúin nó a cuireadh chun báis sna campaí géibhinn, seachas stiúgadh le hocras is le tuirse sna coilíneachtaí daorbhroide. Thairis sin, tá a lán staraithe den tuairim gurb é an dí-Chulacú ba chúis leis an ngorta mór (an Holodomor) san Úcráin sna blianta 1932-1933.