Calchas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
"Rialacha an chalchais", 1969

Tá an téarma calchas bunaithe ar an ngiorrúchán Rúisise колхоз (kolkhoz) a thagann as na focail коллекти́вное хозя́йство (kollektivnoye khozyaystvo), a chiallaíonn "eacnamaíocht chomhchoiteann". Mar sin, is feirm chomhsheilbhe é an calchas.

cairt "Orlov", ar Kolhoz sna 1930idí

Sa bhreis ar na calchais, bhí a leithéidí agus savchais ann, is é sin, "feirmeacha Sóivéadacha" nó feirmeacha de chuid an Stáit. Na hoibrithe a bhí ag obair ar na calchais, ní bhfaighidís de phá ach a gcuid féin de bharra na feirme. An chuid ba mhó de na barra, áfach, chaithfí iad a dhíol leis an stát ar phraghas réamhshocraithe.

Go bunúsach, ní raibh mórán difríochta idir eacnamaíocht na gcalchas agus an seirfeachas feodach, agus bhí córas na bpasanna inmheánacha i bhfeidhm a choisc ar na calchasóirí aistriú ón tuath go dtí an chathair. Mar sin, fágadh na calchasóirí "ceangailte den talamh" cosúil leis na seirfigh i ré an fheodachais.

Túr Tatlin bean agus fear an chalchais, 2000

Bhí de chead ag na calchasóirí seilbh bheag talún a bheith acu chomh maith le cúpla beithíoch. Bhí fuath na ndaol ag muintir na tuaithe ar na calchais, ach ar a laghad, cheadaigh an tseilbh phríobháideach dóibh tuilleadh barr a shaothrú a d'fhéadfaidís a dhíol ar phraghas an mhargaidh, agus ba mhinic a thagadh an chuid ba mhó dá dteacht isteach as an tseilbh seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]