Lyudmila Ulitskaya
Cuma
Scríbhneoir Rúiseach is ea Lyudmila Evgenyevna Ulitskaya (Rúisis: Людмила Евгеньевна Улицкая), a rugadh ar 21 Feabhra 1943. Tá sí ar na húrscéalaithe agus gearrscéalaithe is mó tóir ar a saothar sa Rúis le tamall de bhlianta anuas agus is í ceann de na scríbhneoirí Rúiseacha is mó a clú idirnáisiúnta chomh maith. Bronnadh Duais Stáit na hOstaire do Litríocht na hEorpa sa bhliain 2014. Tá clú ar Sonyechka, úrscéal léi, a foilsíodh sa bhliain 1995. Sa bhliain 2006 foilsíodh úrscéal suntasach eile uaithi, Даниэль Штайн, переводчик (Daniel Stein, aistritheoir) inar pléadh an tUileloscadh agus an gá atá le hathmhuintearas chreidimh mhóra an domhain an lá atá inniu ann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |