Karel Čapek

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKarel Čapek

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Eanáir 1890
Malé Svatoňovice Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Nollaig 1938
48 bliana d'aois
Vinohrady Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaReilig Vyšehrad, 12B-47 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceach neamhchleachtach
Scoil a d'fhreastail sé/síFaculty of Arts, Charles University in Prague (en) Aistrigh
Ollscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeicis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFicsean óg, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, iriseoireacht, aistriúchán, litríocht do pháistí, dráma agus theatrical work (en) Aistrigh
Suíomh oibre An Ísiltír (1931–1932) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmaistritheoir, scríbhneoir, scríbhneoir litríocht pháistí, fealsamh, léirmheastóir liteartha, péintéir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, drámadóir, úrscéalaí, iriseoir, stiúrthóir, grianghrafadóir, file Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFicsean eolaíochta
Ainm cleiteK. Č.
Karel Plocek
B. Č.
Karel Vašek Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSeicis agus an Fhraincis
Ealaíontóirí gaolmharaJosef Čapek: Bráithre Čapek Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileOlga Scheinpflugová (1935–1938), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAntonín Čapek
SiblínHelena Čapková agus Josef Čapek
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0135015 Allmovie: p316420 IBDB: 7041
Musicbrainz: 3dd966a1-9f0a-4012-8b49-15e9ac34d8bd Discogs: 1667965 Find a Grave: 2221 Cuir in eagar ar Wikidata

Áirítear Karel Čapek (9 Eanáir 1890 – 25 Nollaig 1938) ar scríbhneoirí móra na Seicise. Bhí sé ar cheannródaithe an fhicsin eolaíochta lena chuid saothar, agus d'imir sé an-tionchar ar scríbhneoirí éagsúla ó George Orwell go Brian Aldiss. B'eisean, nó b'fhéidir a dheartháir Josef, a bhí ina scríbhneoir ann féin, a chéadcheap an focal "róbat". B'é Karel Čapek, áfach, a bhain an chéad úsáid as ina dhráma "R.U.R."

Saolaíodh i Malé Svatoňovice é, agus chuaigh sé ag freastal ar an meánscoil i Hradec Králové, nó Königgrätz, mar a bhí ar an áit go hoifigiúil san am, ós rud é nach raibh sa tSeic ach cúige de chuid na hOstaire san am. Ghlac Karel óg páirt in agóidíocht fhrith-Ostarach, agus ruaigeadh as an scoil é, ionas gurbh éigean dó dul go Brno (Brünn) leis an gcuid eile den mheánscoil a chur isteach. I ndiaidh na meánscoile, rinne sé staidéar ar fhealsúnacht i bPrág, i mBeirlín agus i bPáras.

Leacht cuimhneacháin - Prág

Bhí drochshláinte air, agus mar sin, níor glacadh leis in Arm na hOstaire le haghaidh an Chéad Chogadh Domhanda. I ndiaidh an chogaidh, chuaigh sé le hiriseoireacht agus le hamharclannaíocht, agus casadh aisteoir óg mná air, Olga Scheinpflugová. Bhí siad ag dul amach ar feadh i bhfad, ach níor phós Čapek í ach go gairid roimh a bhás féin. Shíothlaigh sé i ndiaidh Chomhdháil München, agus an Ghearmáin ag cúngú go bagrach ar an tSeicslóvaic.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]