An Bhrasaíl
Is tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl (Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go hoifigiúil). Is í an tír is mó in ilchríoch Mheiriceá Theas í, agus í ag clúdach réimse ollmhór talún idir shléibhte na nAindéas agus an tAigéan Atlantach.


Tíreolaíocht na Brasaíle
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhantrach ar cheann de na réigiúin is tábhachtaí ar domhan ó thaobh na bithéagsúlachta de, chomh maith le tábhacht na gcoillte don atmaisféar.
Tá timpeall 180 milliún duine ina gcónaí sa Bhrasaíl. Is í Brasília príomhchathair na tíre, ach is iad São Paulo agus Rio de Janeiro na cathracha is mó sa tír.
Stair na Brasaíle
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Polaitíocht na Brasaíle
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na córais pholaitíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í Brasília an phríomhchathair. De réir bhunreacht na bliana 1988, is poblacht dhaonlathach ionadaíoch chónascach uachtaráin í an Bhrasaíl. Is é an tUachtarán ceann an rialtais agus an stáit, agus córas ilpháirtithe i bhfeidhm leis an tsaoirse pholaitiúil a chinntiú do na saoránaigh.
An polaitíocht sa 21ú haois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh fear iomráiteach na heite clé, Luiz Inácio da Silva (Lula) mar uachtarán in 2002. Sna blianta 2007 agus 2008 bhí borradh chomh mór sin faoin mBrasaíl nár bhain an ghéarchéim airgeadais a bhain creathadh as an Eoraip agus na S-A an Bhrasaíl amach go ceann cúpla bliain ina dhiaidh sin. Níor mhair an borradh a bhí faoi eacnamaíocht na Brasaíle. Go deimhin caitheadh an oiread sin airgid ar Chorn an Domhain 2014 agus ar Chluichí Oilimpeacha 2016 go raibh cófraí an stáit nach mór folamh faoin am gur cuireadh comharba Lula, Dilma Rousseff, as cumhacht go gairid tar éis na gCluichí céanna. D’fhéadfaí a rá gur coup d’état ‘bog’ a bhí in eachtraí polaitiúla na bliana sin agus thosaigh an Bhrasaíl ag flirteáil leis an bhfaisisteachas.[1]
Toghadh Jair Bolsonaro, i mí Dheireadh Fómhair 2018, an toradh a bhí ar sin. Bhain paindéim an choróinvíris an ghaoth as seolta Bolsonaro le linn 2020-2022. Fuair os cionn 700,000 Brasaíleach bás le linn na paindéime.
In 2022, fuair Lula – agus an daonlathas féin – an lámh in uachtar arís tar éis ceithre bliana, ach ba ar éigean é: ní raibh dhá faoin gcéad féin idir é agus Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle 2022. Agus ní raibh ach seachtain caite in áras an uachtaráin ag Lula nuair a rinne lucht leanúna Bolsonaro iarracht coup d’état dáiríre a dhéanamh. In 2024, d’aimsigh na póilíní feidearálacha fianaise go raibh baint ag Bolsonaro féin leis an ionradh a rinneadh ar thithe an rialtais san ardchathair, Brasília, ar an 8 Eanáir 2023.[1]
Stáit
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 26 stát agus aon Cheantar Cónaidhme amháin sa Bhrasaíl
.
.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Alex Hijmans (14 Feabhra 2024). "Sin a bhfuil, a chairde, tar éis 16 bliain in Salvador, tá mo chuid málaí á bpacáil agam" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-14.
