Bahia
Is stát é Bahia sa Bhrasaíl. Tá sé suite i ndeisceart an Réigiúin Thoir Thuaidh. Is é Salvador a phríomhcathair. Is é Jaques Wagner gobharnóir an stáit ón bhliain 2007 i leith.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig taiscéalaí Portaingéalach, Pedro Álvares Cabral, go Bahia sa bhliain 1500. D'éiligh sé an áit don Phortaingéil. Sa bhliain 1549, bhunaigh na Portaingéiligh cathair Salvador. Ba í an chathair, agus an ceantar máguaird, príomhchathair riaracháin is reiligiúnach na coilíneachta Portaingéilí go dtí 1763. Bhí an Ísiltír i gceannas ar Bahia ó Bhealtaine 1624 go dtí Aibreán 1625.
Ba é Bahia an stát deireanach dár ghlac páirt sa Chónaidhm Neamhspleách; d'fhan sé dílseach don Choróin Phortaingéalach ar feadh dhá bhliain ní b'fhaide ná na stáit eile. Díbríodh na Portaingéiligh faoi dheireadh ar an 2 Iúil, 1823, dáta a thugann muintir Bahia "Lá Neamhspleáchais Bahia" air. Thug Charles Darwin, ar bord an Beagle, cuairt ar Bahia sa bhliain 1832.
| |||
|
Na 26 Stáit |