Bratach na Brasaíle
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | bratach náisiúnta |
| Ábhar | clár, rombas, diosca, mana, an Madra Beag, an Madra Mór, Canopus, Spica, an Phéist Uisce, an Chros, an tOchtamhán, Triantán an Deiscirt, an Scairp, Procyon, Sirius, Beta Canis Majoris, Muliphein, Delta Canis Majoris, Epsilon Canis Majoris, Antares, Beta Scorpii, Epsilon Scorpii, Theta Scorpii, Iota Scorpii (en) |
| Glactha | 19 Samhain 1889 |
| Dathanna | glas, buí, gorm agus bán |
| Dearthóir | Raimundo Teixeira Mendes |
Siombail oifigiúil náisiúnta don Bhrasaíl í bratach na Brasaíle. An leagan den bhratach atá in úsáid inniu, níor tugadh isteach í ach sa bhliain 1992, ach bhí leaganacha eile den bhratach chéanna ann ón mbliain 1889 anuas.
Cur síos ar an mBratach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taispeánann an bhratach liathróid dhúghorm istigh i muileata buí, agus an muileata féin ina luí os comhair cúlra uaine. Taobh istigh den liathróid, feictear seacht réalta fichead - sa chéad leagan den bhratach, ní raibh ach aon réalta fichead ann - agus na focail Ordem e Progresso - "Ord agus Forás" - le léamh ar stiall bhán chuaraithe a ritheann fiarthrasna na liathróide. Tháinig an mana seo ó phosaitíbheachas an fhealsaimh Fhrancaigh Auguste Comte, a bhí ina dhia bheag ag aos intleachta Mheiriceá Theas go léir tráth. Is é is brí leis ná nach mbíonn rath ach san áit ina mbíonn an smacht, mar a deir an seanfhocal Gaeilge.
Siombailí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seasann na réaltaí ar an mbratach d'fhíor-réaltaí a bhíonn le feiceáil thuas ar an spéir ón mBrasaíl, agus san am céanna, is siombailí iad do chúigí (nó stáit) na Brasaíle:
- Cros an Deiscirt - seasann sí do stait São Paulo, Minas Gerais, Rio de Janeiro, Espírito Santo, agus Bahia;
- An Scairp - siombalaíonn sí Sergipe, Alagoas, Pernambuco, Paraíba, Rio Grande do Norte, Ceará, Maranhão, agus Piauí;
- Triantán an Deiscirt - is ionann é agus Rio Grande do Sul, Paraná, agus Santa Catarina;
- seasann na réaltaí aonaracha úd Procyon, Spica, Canopus agus Sigma Octantis (is é sin, Polaris Australis nó Réalta Pholach an Deiscirt) d'Amazonas, Pará, Goiás, agus Ceantar Cónaidhme;
- maidir le dhá réalta na Péiste Uisce, cuireadh leis an mbratach iad nuair a rinneadh stáit chónaidhme de Mato Grosso do Sul agus Acre;
- agus is ionann an Madra Mór agus Mato Grosso, Tocantins, Roraima, agus Amapá. I dtús báire, ní raibh ann ach Sirius, agus é ag seasamh do Mato Grosso.
Na réaltaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is iad na réaltaí/réaltbhuíonta ná:
- Procyon (α An Madra Beag),
- Canis Major (An Madra Mór),
- Carina (An Chíle),
- Virgo (An Mhaighdean),
- Hydra (An Phéist Uisce),
- Crux (An Chros),
- Sigma Octantis (An tOchtamhán),
- Triangulum Australe (Triantán an Deiscirt),
- Scorpius (An Scairp)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin Bhrasaíl é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |