Abairt ghonta is ea an seanfhocal a úsáidtear sa ghnáthchaint le fírinne a chur in iúl atá bunaithe ar shaoltaithí an chine dhaonna nó ar thuiscint thraidisiúnta an duine ar an saol.
Meafar a bhíonn i gceist le seanfhocal go minic. Tá a cuid seanfhocal féin ag gach teanga, ach bíonn seanfhocail mhaithe ag dul ó theanga go teanga, cosúil leis na seanscéalta. Cuid mhaith de na seanfhocail choitianta Éireannacha, is féidir iad a fháil beagnach focal ar fhocal i dteangacha nach bhfuil lúb ghaoil acu leis an nGaeilge ná leis an mBéarla.
Tá Seanfhocla Chonnacht le Tomás de Bhaldraithe againn, Seanfhocail na Mumhan le Pádraig Ua Maoileoin, agus ná déan dearmad ar 500 Beannacht le Breandán Mac Gearailt ná Colourful Irish Phrases le Micheál Ó Conghaile.[1]
An dall ag déanamh bóthair don bhacach; giollacht an daill don dall; na daill ag déanamh an eolais dá chéile[3]
An té a bhuailtear sa chloigeann, bíonn faitíos air.
An té nach niompróidh a chóta lá fliuch, ní bheidh sé aige drochlá.
Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán.
Briseann an dúchas trí shúile an chait.
Caidrigh an coimhthíoch ach ná taobhaigh é.
Giollacht an daill don dall; le BruegelCéard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. (Gearmáinis: Die Katze lässt das Mausen nicht – ní éiríonn an cat as marú na luch. Is é sin, is dual do chách nósanna a mhuintire féin.)
crochta as an sreangán (Is éard a chiallódh sé sin go mbeadh sé i gcontúirt, i nguais nó i mbaol)[4]
I ndeireadh a gcoda troideann na coileáin.
Is deacair ceann críonna a chur ar ghuaille óga.
Is fearr an t-ádh ná éirí go moch.
Is fearr éan sa lámh ná dhá cheann ar an gcraobh.
Is gaire cabhair Dé ná an doras.
Is gaire do bhean leithscéal ná a naprún.
Is minic a bhí bromachán giobadach ina chapaillín cumasach. (Is é sin, tagann ciall le haois.)
Is minic a bhris béal duine a shrón.
Is treise dúchas ná oiliúint.
Más cam díreach an ród is é an bóthar mór an t-aicearra.
Ní breáthacht a chuirfidh an pota ag fiuchadh.
Ní fhulaingítear bás faoi dhó.
Ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán ón tobar.
Ní hí an bhean is áille is troime ciall.
Ní thagann caonach ar chloch reatha. (Seanfhocal idirnáisiúnta eile é seo. Fionlainnis: Vierivä kivi ei sammaloidu – ní thagann caonach ar chloch atá ag dul timpeall. Íoslainnis: Sjaldan er gras vaxið um oft hrærðan stein – is annamh a bhíonn féar ag fás ar chloch a bhogtar go minic.)
Níor dhún Dia bearna riamh nár oscail Sé ceann eile. (Leagan eile: Níor dhruid Dia doras riamh nár oscail Sé ceann eile.)
Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag damhsa. (Seanfhocal thar a bheith idirnáisiúnta é seo. Mar shampla, deir na Fionlannaigh: Kun kissa on poissa, hiiret hyppivät pöydällä = Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag léimnigh ar an mbord.)
↑Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga."'Nach deas é" site:.tuairisc.ie - Cuardach Google".Colún ar tuairisc.ie le www.google.com.Dáta rochtana: 2019-04-28.
Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.