Wicca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Creideamh nua-págánach is ea an Wicca. Tháinig sé chun solais sa bhliain 1954 nuair a foilsíodh an leabhar Witchcraft Today ag an stát-seirbhíseach Gerald Gardner. Tagann an focal wicca ón bhfocal wicche sa Mheán-Bhéarla.

peinteacal i Minnesota

Reiligiún gan údarás lárnach is ea an Wicca. Níl duine ar bith i gceannas air. Tá traidisiúin éagsúla ann, le socruithe dá gcuid féin. Mar gheall ar nádúr neamh-lárnach an Wicca, bíonn roinnt easaontas faoi cad í an Wicca i ndáiríre. I dtraidisiúin áirithe (tugtar Wicca Bhreatnach Traidisiúnta orthu i gcoitinne), leanann siad nósanna agus scríbhinní de chuid Gardner, ach tugtar “Wicca” ar chreideamh agus nósanna eile ag daoine eile.

Beirt dia

De ghnáth, is creideamh le beirt dia an Wicca, ag adhradh dia amháin (Dia na n-Adharc) agus bandia amháin (Bandia Máthair). Feictear iad uaireanta mar aghaidheanna an dé céanna. Bíonn réimse leathan creidimh ann, ó ildiachas go haondiachas.

Tá go leor nósanna sa Wicca, bunaithe ar na séisúir, ar a dtugtar “Sabbats” orthu. Tá moráltacht lucht Wicca ag brath ar ráiteas gan foinse darb ainm an Rede Wicca (‘the Wiccan Rede’ as Béarla).

Creidimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na Cúig Eilimintí le peinteagram

Bíonn réimse leathan creidimh i measc lucht Wicca. Áfach, tá ailt chreidimh i gcoitinne idir na grúpaí éagsúla a bhaineann le diagacht, an saol atá le teacht, draíocht agus moráltacht.

An Dia agus an Bhandia[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go traidisiúnta, tá Wicca bunaithe go príomha ar polaraíocht inscne agus an t-adhradh ar Bandia na Gealaí agus Dia na n-Adharc. Go ginearálta, feictear an Dia agus an Bhandia mar leannáin agus rannpháirtigh ar bhonn cothrom, a chruthaíonn an chruinne go léir le chéile.

An Saol atá le Teacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann roinnt daoine Wicca i saol eile tar éis an bháis, agus tá creideamh in athionchollú ina alt traidisiúnta, a théann siar go dtí an coibhín New Forest sna 1930í.

Draíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann a lán daoine Wicca i ndraíocht (‘magic’ nó ‘magick’ as Béarla), cumhacht gur féidir daoine ag cur faoi smacht trí chleachtadh draíochta nó asarlaíochta.

Moráltacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon chód moráltach nó eiticiúil a leanann lucht Wicca i ngach traidisiún. Áfach, leanann an formhór cód darb ainm an “Rede Wicca” (“the Wiccan Rede” as Béarla), mar leanas: “an’ it harm none, do what ye will” – nó, “mura dhéanann sé dochar d’éinne, déan do thoil”. De ghnáth, ceaptar go dtugann sé saoirse ghnímh do dhaoine, chomh maith le freagracht ar a ngníomhaíochtaí féin, freagracht chun dochar ort féin agus ar daoine eile a sheachaint.

Déanann a lán daoine Wicca iarracht chun liosta de chuid ocht mbua a shaothrú, buanna atá luaite sa leabhar Charge of the Goddess le Doreen Valiente: gliondar, ómós, onóir, umhlaíocht, neart, áilleacht, cumhacht agus atrua.

Na Cúig Eilimintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtraidisiúin áirithe, tá creideamh ann ar na cúig eilimintí clasaiceacha, cé gur feictear iad mar chomharthaí ar cruthanna ábhar. Glaotar ar na cúig eilimintí seo le linn deasghnátha draíochta, go mór mór nuair atá ciorcal draíochta cosiricthe. Is iad na cúig eilimintí ná an t-aer, tine, uisce agus talamh, agus aether (nó spiorad), a cheanglaíonn na ceithre cinn eile le chéile.

Comharthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear réimse leathan chomharthaí ag lucht Wicca. Is é an ceann is coitianta ná an peinteagram, réalt le cúig Reanna. Tá baint ag gach rinn le ceann de na eilimintí clasaiceacha, na cúig ghéaga atá ag daoine, srl. Is iad comharthaí coitianta eile ná an triskelion, an triquetra, an Tríúr cóiníní, agus an Trí-Ghealach.

Nósanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nósanna Deasghnátha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear a lán deasghnátha i measc lucht Wicca nuair atá siad ag ceiliúradh na Sabbat, ag adhradh na déithe agus ag déanamh draíochta. Go minic, tarlaíonn na deasghnátha seo nuair atá an ghealach lán, nó uaireanta ag teacht na gealaí nua (an deasghnátha darb ainm Esbat).

Roth na Bliana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceiliúrtar roinnt maith d’fhéilte i rith na bliana, a thugtar “Sabbat” orthu ag lucht Wicca. Tugtar ‘Roth na Bliana’ ar na féilte go léir. Bíonn lucht Wicca ag ceiliúradh ocht gcinn, don chuid is mó. Áfach, níl ach ceithre ag grúpaí le baint le Clann Tubal Cain, agus sé chinn ag Ros an Bucca (grúpa as Chorn na Breataine. Tugtar “Greater Sabbats” ar na ceithre Sabbat a cheiliúrtar ag gach grúpa a tháinig as an mBreatain, is iad sin, Candlemas, Oíche Bhealtaine, Lughnasadh, agus Samhain. Ceiliúrtar na cónochtaí agus na grianstadanna chomh maith, mar “Lesser Sabbats”.

Sabbat An Leathsféar Thuaidh An Leathsféar Theas Foinsí Staire Rudaí a bhaineann leis/léi
Samhain, nó Halloween 31 Deireadh Fómhair 30 Aibreán, nó 1 Bealtaine Págántacht Cheilteach (féach freisin Ceiltigh) An bás agus na sinsear
Yuletide 21 nó 22 Nollaig 21 Meitheamh Págántacht Ghearmánach Grianstad geimhridh agus athbhreith na gréine
Imbolc, nó Candlemas 1 nó 2 Feabhra 1 Lúnasa Págántacht Cheilteach (féach freisin Ceiltigh) Teacht an earraigh
Ostara 21 nó 22 Márta 21 nó 22 Meán Fómhair Págántacht Ghearmánach Cónocht an Earraigh agus tús an earraigh
Beltane, nó Oíche BhealtaineLá Bealtaine 30 Aibreán nó 1 Bealtaine 1 Samhain Págántacht Cheilteach (féach freisin Ceiltigh) An t-earrach faoi lán tseoil; Sióga
Litha 21 nó 22 Meitheamh 21 Nollaig Neoiliotach, b’fhéidir Grianstad samhraidh
Lughnasadh, nó Lammas 1 nó 2 Lúnasa 1 Feabhra Págántacht Cheilteach (féach freisin Ceiltigh) Fómhar arbhair
Mabon, nó Modron 21 nó 22 Meán Fómhair 21 Márta Gan foinse phágánacha. Cónocht an Fhómhair; fómhar torthaí

Deasghnátha tionscnaimh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deasghnáth ‘Handfasting’ na Beltane ag Avebury, Sasana, sa bhliain 2005

Feictear deasghnátha tionscnaimh éagsúla sa reiligiún Wicca, agus is í an deasghnátha is tábhachtaí ná teacht isteach do dhuine mar chreidmhach nua. Sa Wicca Bhreatnach Traidisiúnta, bíonn oidhreacht a théann siar go Gerald Gardner, agus uaidh go dtí coibhín New Forest, cé nach bhfuil cruthúnas go raibh an coibhín seo ann. Mháigh Gardner féin go raibh tréimhse traidisiúnta (bliain amháin agus lá) idir tús a gcuid staidéir agus nuair a ghlacadh iad mar dhuine Wicca, ach bhris sé an riail seo go minic le creidmhigh nua.

Is deasghnáth eile í an “Handfasting”, a cheiliúrtar ag lucht Wicca agus úsáidtear í mar fhocal mhalartach le haghaidh “pósadh”.

Leabhar na Scátha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon leabhar naofa ann sa reiligiún Wicca, cé go bhfuil scríbhinní agus leabhair áirithe atá tábhachtach le traidisiúin éagsúla. Bhain Gerald Gardner úsáid as leabhar le scríbhinní éagsúla ina choibhíní, ar a dtugtar Leabhar na Scátha (Book of Shadows as Béarla), a d’athraíodh agus a mhéadaíodh go minic. Tá scríbhinní ann a tháinig ó fhoinsí éagsúla, “Aradia” le Charles Godfrey Leland (1899) agus saothair de chuid Aleister Crowley (bhí aithne ag Gardner ar an bhfear seo go pearsanta). Tá samplaí ann de chuid dánta a bhí cumtha ag Gardner agus a Ard-Bansagart Doreen Valiente (is í Charge of the Goddess an ceann is suntasaí).

Traidisiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagraíonn an fhocal ‘Traidisiún’ sa Wicca do shainchreideamh sa reiligiún. Bíonn a lán shainchreidimh ann, chomh maith le creidmhigh nach leanann traidisiún ar bith, daoine atá ag obair ina n-aonair. Bíonn coimhíní ann gan traidisiún chomh maith.

Coibhíní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagraítear cuid mhaith lucht Wicca i gcoimhíní le sagairt agus banshagairt. Is grúpai neamhspléacha iad na coimhíní, le Ard-Shagart agus Ard-Bhanshagart i gceannas go minic, ag obair le chéile. Deirtear go minic go bhfuil trí bhall déag an méid ceart do choimhín, ach ní riail ceart í seo. Nuair a fhásann coimhín rómhór, déantar coimhíní nua as, ach fanann siad ceangailte mar ghrúpa.

Wicca Eicléictiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní leanann cuid mhór lucht Wicca aon traidisiún amháin. Is iad an lucht Wicca eicléictiúil, a dhéanann a mbealach spioradalta féin. Ní thréigtear na traidisiúin i gcónaí i measc lucht Wicca eicléictiúla. Is féidir creidmhigh eicléictiúla lean lena smaointí agus deasghnátha féin, agus lean bealach reiligiúnach áirithe fós. Baineann na bealaigh seo úsáid as reiligiún na talún nó traidisiúin na hÉigipte, na Gréige, na Sacsanach, na Angla-Sacsanach, na Ceilteach, na hÁise, na hEabhracha, agus traidisiúin na Polainéiseach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunús, 1921–1935[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith na 1920í agus 1930í, d’fhoilsigh an Dr. Margaret Murray roinnt leabhair faoina teoiric nach raibh fia-chailleacha a bhí curtha chun báis san Eoraip go luath sa Ré Nua-aimseartha ina gcairde le Sátan, mar a mháigh a naimhde, ach creidmhigh de chuid reiligiún págánach Réamh-Chríostaí – an “Witch-Cult”. Ó shin i leith, dhiúltaigh formhór lucht acadúla an tuairim seo.

Tagann an chéad fianaise ar chleachtadh reiligiún nua-Págánach Draíochta i Sasana le linn na 1930í (is é sin, reiligiún gur féidir ‘Wicca’ a thabhairt uirthi). De réir dealraimh, thosaigh roinnt grúpaí in áiteanna faoin tuath ar fud na tíre – i Norfolk, Cheshire agus an New Forest, chun lean ar aghaidh ar na ‘traidisiúin’ a bhí luaite ag Murray, cé go raibh tionchair eile a tháinig ó fhoinsí éagsúla cosúil le draíocht dheasghnách, draíocht sí, Máisiúnachas, Diasúnacht, Rómánsachas, miotaseolaíocht chlasaiceach agus reiligiúin na hÁise.

Luath-Fhorbairt, 1936–1959[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíonn stair nua-aimseartha Wicca le Gerald Gardner ("Athair Wicca") i lár na 20ú haoise. Ba iar-stát-seirbhíseach Bhreatnach agus antraipeolaí amaitéarach é Gardner, agus bhí eolas maith aige ar an bpágánachas agus Diamhrachas. Mháigh sé gur ndeachaigh sé isteach coibhín fia-chailleach sa New Forest, Hampshire, go déanach sna 1930í. Le rún daingean aige chun lean ar aghaidh leis an gceird seo, bhunaigh Gardner "Coibhín Bricket Wood" lena bhean chéile Donna sna 1940í, nuair a cheannaigh sé Fiveacres Country Club.[93] Tháinig cuid mhór den bhallraíocht ó bhaill an chlub sin, agus bhí cruinnithe reachtáilte ar thalamh an chlub. Bhí a lán duine clúiteach an Wicca baill dá choibhín, Dafo, Doreen Valiente, Jack Bracelin, Frederic Lamond, Dayonis, Eleanor Bone agus Lois Bourne ina measc.

D’fhás an reiligiún nua seo ó 1951 i leith, nuair a chealaíodh an t-Acht Draíochta 1735 (‘Witchcraft Act of 1735’). Tar éis sin, thosaigh Gardner agus daoine eile cosúil le Charles Cardell agus Cecil Williamson ag scaipeadh a leaganacha féin don Cheird (‘the Craft’). Níor úsáid Gardner agus creidmhigh eile an focal "Wicca" mar ainm reiligiúnach riamh, ach bhain siad úsáid as frásaí cosúil le "witch cult", "witchcraft", agus "Old Religion". Áfach, rinne Gardner tagairt don fhia-chailleacha mar "the Wica". I rith na 1960í, d’athraigh ainm na reiligiúin go "Wicca". D’éirigh an traidisiún de chuid Gardner (nó "Gardnerianism" níos déanaí) mar an leagan Wicca is mó i Sasana, agus scaip sé go áiteanna eile sa Bhreatain agus in Éirinn.

Athraithe agus scaipeadh, 1960–inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a chailleadh Gardner sa bhliain 1964, lean fás ar an ‘Craft’ gan stad, d’ainneoin droch-cháil sna meáin Bhreatnacha. D’éirigh traidisiúin nua faoi thionchar duine mór le rá cosúil le Robert Cochrane, Sybil Leek, agus Alex Sanders go háirithe. Tá an leagan Wicca a bhí curtha chun cinn ag Sanders, “Alexandrian Wicca’, bunaithe ar Wicca de chuid Gardner, ach le béim curtha ar draíocht dheasghnách. Scaip sé go tapaigh agus tharraing aird na meáin uirthi. Faoin am seo, thosaigh daoine an focal "Wicca" a úsáid go coitianta in áit "Witchcraft", agus scaipeadh an chreideamh go tíortha cosúil leis na Stáit Aontaithe agus an Astráil.

Sna 1990í, mhéadaigh aird na meáin ar lucht agus creideamh Wicca le scannáin cosúil le “The Craft” agus sraitheanna teilifíse cosúil le "Charmed", ag tabhairt aitheantas níos mó don chreideamh i measc daoine óga go háirithe. Ní raibh an lucht Wicca sásta leis an bhforbairt seo, mar bhí an chreideamh léirithe mar eicléictiúil, le tionchar mhór ghluaiseacht na hAoise Nua ag cur isteach uirthi. Mar fhreagra, d’iompaigh mórán fia-chailleacha do bhunús réamh-Gardner na Ceirde, agus don traidisiúin a choimhlinteoirí cosúil le Cardell agus Cochrane, ag cur síos orthu féin mar daoine a leanann an "Draíocht Traidisiúnta" (“Traditional Witchcraft”). Tá "Cultus Sabbati" de chuid Andrew Chumbley, agus an coibhín Chornach "Ros an Bucca", i measc na grúpaí móra in athbheochán an Draíocht Traidisiúnta..

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl a fhios ag éinne an méid duine a chreideann sa Wicca go beacht, ach dar le adherents.com, bíonn thart ar 800,000 creidmhigh ann san iomlán. Fuair an American Religious Identification Survey gur tháinig méadú ar an méid lucht Wicca le blianta fada anuas, ó 8,000 sa bhliain 1990, 134,000 sa bhliain 2001, go 342,000 sa bhliain 2008. Tá thart ar 75% lucht Wicca sna Stáit Aontaithe ina mná.

Sa Ríocht Aontaithe, i nDaonáireamh na bliana 2011, scríobh 11,766 duine gur lucht Wicca iad, agus 1,276 daoine eile gur chleachtaigh siad “Witchcraft”.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]