An Hiondúchas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Hiondúchas)
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Hiondúchas
(sa) हिन्दूधर्मः Cuir in eagar ar Wikidata
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósAn Iondúis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcreideamh
cultúr
stíl bheatha
major religion (en) Aistrigh
easainm Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhluach anaithnid, An tSind Cuir in eagar ar Wikidata

15 haois "RCh"Vedas Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht1,200,000,000 (2020)
Ballraíocht1,350,000,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
Le cuid
Feidhmíonn teampaill mar lárionad adhair i saoil comhphobal Hiondúch. Seo í Sri Mariamman, Singeapór.

Is traidisiún spioradálta aondiach[1] oirthearach é an Hiondúchas. Sa lá atá inniu ann, is é an tríú creideamh is mó ar domhan, agus ceann de na reiligiúin is sine ar domhan. D'imir an Hiondúchas tionchar mór ar reiligiúin eile, mar shampla an Búdachas, an Saíceachas agus an Seaineachas.

Thosaigh an reiligiún san India. Sa lá atá inniu ann, tá daonra mór Hiondúch i Neipeal (89%), san India (79%), in Oileán Mhuirís (52%), sa Ghuáin (40%), in Oileáin Fhidsí (38%), i Suranam (30%), sa Bhútáin (25%), in Oileán na Tríonóide (24%), i Srí Lanca (15%), agus sa Mhalaeisia (6.3%).[2] Tá daonra mór Hiondúch i dtíortha eile freisin, m.sh. tá dhá mhilliún duine Hiondúch ina gcónaí sna Stáit Aontaithe.[3] Tá timpeall ar 900 milliún Hiondúch ar fud an domhain.

Ní hé Hiondúchas an téarma ceart. Tugann daoine Hiondúcha Sanatan Dharm ar an traidisiún spioradálta seo. Ciallaíonn Sanatan gur traidisiún síoraí é; is éard atá in san tearma Dharm ná cleachtais spioradálta a fhorbraíonn tréithe spioradálta inmheánacha an duine, agus mar gheall air seo is féidir le duine Dia a bhaint amach.

Creideann daoine go bhfuil a lán míthuiscintí faoin Hiondúchas ann.[4][5][6][7][8][9][10][11]

Aondiachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is traidisiún spioradálta aondiach é an Hiondúchas.[12] Ní chreideann daoine Hiondúcha in ach aon Dia amháin ach adhartar É i mbealaí éagsúla, m.sh. mar Krishn, Vishnu, Shiv agus Shakti.

Dia, maya agus an t-anam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creideann daoine Hiondúcha nach bhfuil ach trí rud shíoraí ann: Dia, maya agus an t-anam. Is ábhar fíorthábhachtach agus bunúsach é an gaol idir na trí rud shíoraí seo.[13]

Tá an t-anam gan teorainn, beag bídeach, agus diaga. Tá gaol diaga síoraí amháin idir Dia agus na hanamacha. Míníonn an Hiondúchas go bhfuil na hanamacha imithe go síoraí ó Dhia. Ach, toisc go bhfuil na anamacha diaga, tá tarraingt/gaol nádúrtha idir iadsan agus Dia. Ní bheidh anam sásta go dtí go mbaineann sé Dia amach.

Scrioptúir Hiondúcha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na 'Scrioptúir Hiondúcha' bunús an chreidimh Hiondúigh. Creideann daoine Hiondúcha go bhfuil na Scrioptúir síoraí.

Tá cuid maith Scrioptúr ann. Tá aidhm spioradálta éagsúla acu. Aidhm dheireanach na Scrioptúr Hiondúch ná Bhagwan a bhaint amach. Deirtear go bhfuil na Scrioptúir Hiondúcha uilíoch; tá daoine an domhain seo uilíoch freisin. Mar sin, caithfear go bhfuil modhanna spioradálta éagsúla acu.[14]:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  2. http://www.adherents.com/largecom/com_hindu.html Curtha i gcartlann 2011-08-11 ar an Wayback Machine Daonra Hiondúchas
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-05-15. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  4. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  5. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-03. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  6. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  7. http://www.infinityfoundation.com/mandala/s_es/s_es_sharm_EAA.htm
  8. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-27. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  9. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-08-11. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  10. http://www.zawaj.com/bilqis/12-13-99_hinduism.html
  11. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-10-23. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  12. http://www.bbc.co.uk/religion/religions/hinduism/beliefs/intro_1.shtml
  13. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-08-25. Dáta rochtana: 2007-08-22.
  14. http://www.thevedicfoundation.org/authentic_hinduism/bhartiya_scriptures.htm Scrioptúir Hiondúcha

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]