Is cathair phoirt i gcúige Cadiz na hAndalúise í Algeciras (Araibis: الجزيرة الخضراء; Al Jazīra Al-Khadrā). Tá sí suite i ndeisceart na Spáinne agus í mar an chathair is mó ar Bá Giobráltar (Spáinnis; Bahía de Algeciras). Tá Port Algeciras ar cheann de na poirt is mó san Eoraip. Tá sí suite ar an abhainn Río de la Miel, an abhainn is faide ó dheas ar an leithinis agus san Eoraip. Tá níos mó ná 121,400 daoine ina gcónaí ann, leis an mórcheantar uirbeach san áireamh tá níos mó ná 263,700 ann.
Tá daoine ina gcónaí san áit ón réamhstair, Rómhánaigh san áireamh ach tagann ainm na cathrach ón Araibis: Al-Jazīra Al-Khadrā' Arabic الجزيرة الخضراء sé sin an Oileáin Glas, sa lá atá inniu ann sa Mharacó glaotar Al Khuzurat air.
Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.