Meitreo Mhaidrid
Meitreo Mhaidrid | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Meariompar | |||
Cuid de | Consorcio Regional de Transportes de Madrid (en) | |||
Foirgníocht | 1919 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 17 Deireadh Fómhair 1919 | |||
Tréith | ||||
Staid úsáide | in úsáid | |||
Tomhas | 293 () km | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Comhphobal Mhaidrid, An Spáinn | |||
| ||||
Codanna | Madrid Metro Line 1 (en) Madrid Metro Line 10 (en) Madrid Metro Line 9 (en) Madrid Metro Line 11 (en) Ramal (en) Madrid Metro Line 12 (en) Lacoma (en) Madrid Metro Line 8 (en) Madrid Metro Line 6 (en) Madrid Metro Line 2 (en) Madrid Metro Line 7 (en) Madrid Metro Line 3 (en) Madrid Metro Line 5 (en) Madrid Metro Line 4 (en) Madrid Nuevo Norte line (en) | |||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Consorcio Regional de Transportes de Madrid (en) | |||
Oibreoir | Metro de Madrid S.A. (en) , Metros Ligeros de Madrid, S.A. (en) , Metro Ligero Oeste (en) agus Transportes Ferroviarios de Madrid (en) | |||
Cuairteoirí | 626,400,000 (2017) 677,500,000 (2019) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | metromadrid.es | |||
Is córas traenach faoi thalamh é Meitreo Mhaidrid (Spáinnis: Metro de Madrid), 293km fad agus an 14ú córas is faide ar domhan. Tá 1,705 staighre beo agus 529 ardaitheoir sa chóras.
Tiomáineann traenacha an meitreo ar thaobh clé na ráillí mar thiomáin trácht i Maidrid ar an taobh clé roimh an mbliain 1924, cúig bliana i ndiaidh oscailt an chórais.
Oibríonn na traenacha ó 6r.n. go dtí a dó a chlog ar maidin gach lá. Níor fhan sé oscailte na 24 huair ach amháin i rith World Pride 2017 agus i rith na stoirme shneachta i 2021.
D'oscail córas tram, darbh ainm Metro Ligero ("meitreo éadrom") sa bhliain 2007. Oibríonn an córas comaitéireachta "Cercanías" in éineacht leis an meitreo.
Léarscáil an chórais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Línte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá 302 stáisiún ann agus 12 líne.
Táillí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chuid is mó den meitreo istigh i zón A.
Úsáistear cárta iompar poiblí (Tarjeta Multi) chun ticéid a lódáil. Cosnaíonn sé €2.50 ag na meaisín ticéid a bhliain 2022.
Is féidir ticéad singil a cheannach, idir €1.50 agus €2. €1.50 i zón A don chéad 5 stáisiún agus 10 ceint le haghaidh gach stáisiún ina dhiaidh, le huasmhéid €2 le níos mó ná 10 stáisiún. Is féidir 10 dticéad a cheannaigh a chosnaíonn €12.20 atá níos saoire ná ticéad amháin a cheannach. Tá na ticéid seo bailí ar na busanna freisin.
Tá pas míosúil ar fáil. Taispeántar na praghsanna sa bhliain 2022 sa tábla thíos:
Pas/ Zón | A | B1 | B2 | B3 | C1 | C2 | E1 | E2 |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Gnáth | €54.60 | €63.70 | €72 | €82 | €82 | €82 | €110.60 | €131.80 |
Daoine óga (7-25) | €20 | |||||||
Pinsinéirí (>65) | €3.30 | - | - |
Síntí don chóras
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roinnt síntí pleanáilte.
Líne 3
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé deimhnithe líne a 3 a shíneadh ó Villaverde Alto sa deisceart go dtí El Casar i Getafe. Beidh ceangal ann le líne 12 (MetroSur) agus líne C-3 den Cercanías. Tosaíonn na hoibreacha tús 2022.
Líne 5
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá plean ag Comhphobal Mhaidrid líne a 5 a shíneadh go dtí Aeropuerto T1-T2-T3, áit a bheidh ceangal leis an aerfort agus líne a 8.
Líne 11
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirfear tús le hoibreacha chun líne a 11 a shíneadh sa dara leath de 2022, Plaza Elíptica, go dtí Valdebebas i dtuaisceart na cathrach. Tógfar an chéad chuid ó Plaza Elíptica go dtí Conde de Casal roimh 2024. Beidh dhá stáisiún nua ann: Comillas agus Madrid Río, agus beidh ceangal le líne a trí i Palos de la Frontera, le líne a sé i gConde de Casal agus le líne 1 agus Cercanías in Atocha. Beidh síneadh ann chomh maith go Cuatro Vientos, áit a bheidh ceangal ann le líne 10 agus Cercanías.