Calcaigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is dúile ceimiceacha iad na calcaiginí, agus is ionann iad agus grúpa 16 den tábla peiriadach. Tugtar 'an teaghlach ocsaigine' ar an ngrúpa seo freisin. Is iad an ocsaigin (O), an sulfar (S), an seiléiniam (Se), an teallúiriam (Te), agus an polóiniam (Po), ar dúil radaighníomhach é, na dúile sa ghrúpa seo. Tá sé tuartha gur calcaigin í an dúil shintéiseach livearmóiriam (Lv) chomh maith. Tagann an focal 'calcaigin' ón fhocal Gréigise 'Χαλκός' (chalkos), rud a chiallaíonn "cré-umha" nó "mian", agus an focal 'γεννάω' (genes), a chiallaíonn "breith, giniúint". Tá aithne ag an gcine daoinna ar an sulfar leis na cianta, agus aithníodh ocsaigin mar dhúil sa 18ú haois. Thángthas ar an seiléiniam, an teallúiriam agus an polóiniam sa 19ú haois, agus ar an livearmóiriam sa bhliain 2000.