Livearmóiriam
Livearmóiriam | |
Siombail Cheimiceach | Lv |
Uimhir Adamhach | 116 |
Meáchan Adamhach | [293] g·mol−1 |
Grúpa, Peiriad | 16, 7, p |
Dlús | |
Sraith Cheimiceach | |
![]() |
Is dúil cheimiceach shintéiseach é an livearmóiriam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 116 agus is í an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Lv. Sa bhliain 2000 a shintéisigh na heolaithe an chéad adamh livearmóiriam in Dubna in aice le Moscó sa Rúis. Ní bhfuair an dúil a hainm ach sa bhliain 2012. Tagairt atá ann do shaotharlann Lawrence Livermore i Livermore, stát California, sna Stáit Aontaithe. Bhí fisiceoirí ó Livermore ag comhoibriú leis na Rúisigh in Dubna nuair a d'éirigh leo siúd teacht ar an dúil.
Cosúil leis na dúile troma trasúránacha go léir, tá an livearmóiriam chomh radaighníomhach is gur deacair mórán a fháil amach faoina shaintréithe ceimiceacha. Is é livearmóiriam a 293 an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin ach 57 milleasoicind ar leathré. Mar sin féin, creidtear go bhfuil an livearmóiriam suite in oileán na cobhsaíochta, is é sin an réigiún i dtábla peiriadach na ndúl ina bhfuil na dúile níos cobhsaí ná mar a shílfeá de réir an ghnáthchlaonta.