Oileán na cobhsaíochta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid de chuid na Comh-Institiúide um Thaighde Núicléach (Rúisis:Объединённый институт ядерных исследований, ОИЯИ)) a thaispeánann leathréanna tomhaiste (sna boscaí) agus réamh-mheasta na núiclídí forthroma, agus iad ordaithe de réir líon na bprótón agus na neodrón. Tá ciorcal timpeall ar an suíomh a bhfuil oileán na cobhsaíochta, de réir mar a mheastar, agus é timpeall ar Z = 112.[1] [2]

San fhisic núicléach, is éard atá i gceist le h-oileán na cobhsaíochta ná hipitéis nó tairngreacht eolaíochtúil a deir go bhfuil grúpa de núiclídí an-troma ann atá cobhsaí nó réasúnta cobhsaí, agus iad scoite scartha ó fhormhór mór na ndúl cobhsaí i mapa na núiclídí. Tá an teoiric seo bainteach leis an smaoineamh go bhfuil "uimhreacha draíochta" ann, agus gur dóchúla don núiclíd bheith cobhsaí más ionann líon na neodrón sa núicléas nó líon na bprótón sa núicléas agus ceann de na huimhreacha seo. Is féidir foirmlí matamaitice a oibriú amach leis na huimhreacha seo a thairngreacht, agus glactar leis go bhfuil na núicléóin orduithe ar leibhéil nó scealla sa núicléas, ionas go bhfuil an núiclíd níos cobhsaí má tá na scealla go leor lán.

Uimhreacha draíochta atá aitheanta ar dhúile an dúlra iad 2, 8, 20, 28, 50 agus 82. Na dúile arb ionann líon na bprótón (Z) sa núicléas acu agus ceann de na huimhreachta seo, tá siad níos saibhre in iseatóip chobhsaí ná na dúile ina dtimpeall i dtábla peiriadach na ndúl. Cinnte ní féidir a leithéid a rá i dtaobh an héiliam (Z = 2), ach maidir leis an ocsaigin (Z = 8), tá trí iseatóp cobhsaí aici (níl ach dhá cheann ag an nítrigin, agus níl ach aon cheann amháin ag an bhfluairín); an cailciam arís (Z = 20), tá cúig iseatóp cobhsaí aige, agus an séú ceann atá ar fáil sa dúlra tá leathré chomh fada aige agus is féidir dearmad a dhéanamh de gur núiclíd radaighníomhach é. Tá cúig iseatóp cobhsaí ag an nicil (Z = 28), agus maidir leis an stán (Z = 50), tá deich gcinn chobhsaí aige. Is í an luaidhe (Z = 82) an dúil is troime a bhfuil iseatóip chobhsaí aici ar aon nós, ceithre cinn acu.

Cuireann na huimreacha draíochta leis an gcobhsaíocht freisin más ionann líon na neodrón agus ceann acu. Dealraíonn sé gur uimhir dhraíochta é 126 freisin, ag na neodróin ar a laghad, agus is í an cheist mhór, an mbeadh dúil a 126 cobhsaí freisin. Níl na heolaithe ar aon fhocal faoi sin, áfach. Tá daoine acu tar éis luachanna eile a mholadh, Z = 114 mar shampla, mar a thairngir an fisiceoir Gearmánach Heiner Meldner.

Tá cobhsaíocht ar leith ag baint leis na núiclídí a bhfuil draíocht dhúbailte acu, cosúil le hocsaigin a sé déag (ocht bprótón, ocht neodrón), cailciam-40 (fiche prótón, fiche neodrón), agus luaidhe-208 (82 phrótón, 126 neodrón). Tá draíocht dhúbailte ag cailciam-48 freisin: níl sé saor ó radaighníomhaíocht, ach tá leathré níos fada aige ná mar a bheifeá ag súil leis.

Is tábhachtach a thuiscint nach bhfuil na fisiceoirí féin in ann saintréithe na núicléas forthroma a thuiscint go rómhaith. Is iomaí iarmhairt agus imthoisc a théann i bhfeidhm ar na núicléis fhorthroma, cosúil le héaradh Coulomb agus dífhoirmiú na núicléas, agus is deacair a thuairimiú cé chomh láidir is a bhíonn siad - níl foirmlí néata matamaitice oibrithe amach go fóill le hiad a láimhseáil. Níl na heolaithe ar aon tuairim faoin bhfad a chuirfidh an draíocht dhúbailte, abair, le leathré na dúile arb é líon a chuid prótón ná 126: an ea nach mbeidh sé ach cúpla nóiméad níos fadsaolaí ná na núiclídí ina thimpeall, nó an mbeidh iseatóp an-fhadsaolach ann, cosúil le húráiniam-238.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Zagrebaev, V. (2012). Opportunities for synthesis of new superheavy nuclei (What really can be done within the next few years). 11th International Conference on Nucleus-Nucleus Collisions (NN2012). San Antonio, Texas, US. pp. 24–28. Archived from the original on 3 March 2016. B
  2. Karpov, A. V.; Zagrebaev, V. I.; Palenzuela, Y. M.; et al. (2012). "Decay properties and stability of the heaviest elements" (PDF). International Journal of Modern Physics E. 21 (2): 1250013-1–1250013-20. Bibcode:2012IJMPE..2150013K. doi:10.1142/S0218301312500139.