Nicil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNicil

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, solad inlasta agus ferromagnetic material (en) Aistrigh
Nicil sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachNi
Uimhir adamhach28
Mais adamhach58.6934
Peiriad, Grúpapeiread 4
Dúil Ghrúpa 10
Airíonna fisiceacha
Dlús8.9 kg/m⁻³
Leáphointe2,831, 1,728 agus 1,455
Fiuchphointe5,139, 3,186 agus 2,913
Leictridhiúltacht1.91
Ga ianach0.49, 0.69 agus 0.56
Stair
AimsitheoirAxel Fredrik Cronstedt
Fionnachtain1751
Eapainmnickeline (en) Aistrigh

Is í an nicil dúil uimhir a 28 i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an giorrúchán a sheasann di ná Ni, agus í 58.6934 g mol-1 ar mheáchan adamhach. Miotal trasdultach atá inti, agus loinnir gheal inti a bhfuil beagáinín de dhath an óir le haithint uirthi. Baintear úsáid éigin as an nicil le cúig mhíle go leith de bhlianta anuas, ach ba é an chéad duine a d'aithin mar dhúil cheimiceach í ná an ceimiceoir Sualannach Axel Fredrik Cronstedt sa bhliain 1751. Inniu, baintear úsáid fhairsing as an nicil, ós miotal í atá réasúnta díonta ar an gcreimeadh - ní thagann meirg uirthi mar a thagann ar an iarann.

Ba iad na mianadóirí Gearmánacha a bhaist an nicil. Breathnaíonn mianraí áirithe nicile cosúil le mianraí copair, agus mar sin, nuair a tháinig na mianadóirí ar na mianraí sin, d'fhéach siad le copar a bhaint astu. Nuair a bhí fuar acu, dúirt siad go raibh an Nickel (ainm an diabhail ina gcanúint, cf. Old Nick mar ainm an diabhail sa Bhéarla) tar éis an mhian a chur ó mhaith.

Tá cúig iseatóp nádúrtha ag an nicil, mar atá, nicil a 58, nicil a 60, nicil a 61, nicil a 62 agus nicil a 64. Is í nicil a 58 an t-iseatóp is coitianta amuigh (68 % den nicil sa dúlra).

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +II. Comhdhúil thábhachtach den chineál sin í sulfáit na nicile (II), NiSoO4, a úsáidtear le haghaidh leictreaphlátála.

Is féidir leis an nicil dul i gcomhdhúil choimpléascach, Ni(CO)4 nó teitreacharbóinil na nicile, le haonocsaíd an charbóin, CO. Úsáidtear an t-imoibriú seo leis an nicil a ghlanadh, ach tá an-dainséar ag dul leis an bpróiseas seo, ós rud é go bhfuil an teitreacharbóinil uafásach nimhiúil - an oiread is go dtugtar "bás i bhfoirm leachta" uirthi.

Is féidir nicil a úsáid le hór geal a dhéanamh - is é sin, ór nach bhfuil dath buí an óir ann. Bíonn 5-12 % nicil san ór gheal. Cuireann an nicil ailléirge ar a lán daoine agus iad ag caitheamh seodra as ór geal, áfach, agus mar sin, úsáidtear pallaidiam go minic in áit na nicile.

I Mona[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Cheanada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar 99.9 fín gcéad 5c boinn nicil sa gCeanada i rith na ré an tsíocháin ó 1922 go 1981. Baintear an nicil as mona ar feadh cogadh, chun armúr a dhéanamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]