Núiclíd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is é is brí leis an téarma fisice núiclíd ná cineál núicléis, nó cineál adaimh, má chaitear súil ar leith ar núicléas an adaimh. Na hadaimh a bhfuil an uimhir chéanna prótón agus an uimhir chéanna neodrón acu go léir, is samplaí den núiclíd chéanna iad.

Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna prótón acu, is iseatóip de chuid na dúile céanna iad. Iseatóip de chuid an charbóin iad an gnáthcharbón 12C agus an radacarbón 14C.

Na núiclídí a bhfuil an uimhir chéanna neodrón acu, is iseatoin iad. Iseatoin iad an tritiam (an hidrigin radaighníomhach 3H) agus an gnáth-héiliam 4He.

Is éard is maisuimhir ann ná an tsuim a gheofar má shuimítear uimhreacha prótón agus neodrón na núiclíde. Más ionann maisuimhir dhá núiclíd, is iseabair iad. Iseabair iad an radacarbón 14C agus an ghnáth-nítrigin 14N. Le fírinne is é an t-iseatóp nítrigine céanna is toradh do mheath radaighníomhach an radacarbóin.