Tritiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tritiam

Iseatóp trom hidrigine a bhfuil prótón is dhá neodrón sa núicléas aige in ionad aon phrótón amháin is ea an tritiam. Núiclíd radaighníomhach é an tritiam agus is í an leathré atá aici ná 12.3 bliain. Ní bhfaightear sa nádúr é ach ar éigean, ach cruthaítear é in imoibrithe núicléacha, ina measc imoibrithe comhleáite is buamaí núicléacha. Úsáidtear cuid mhaith i dtaighde bitheolaíoch é.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba iad Ernest Rutherford, Mark Oliphant agus Paul Harteck a d'aithin an tritiam an chéad uair riamh, sa bhliain 1934, agus iad ag bombardú deoitéiriam (iseatóp trom nádúrtha na hidrigine) le deoitéaróin (is é sin, le núicléis deoitéiriam). Ní raibh siad in ann tritiam a aonrú, áfach: níor éirigh an t-éacht sin ach le Luis Alvarez agus Robert Cornog cúig bliana ina dhiaidh sin, agus ba iadsan a d'aithin gur núiclíd radaighníomhach a bhí sa tritiam. Rith sé le Willard Libby go bhféadfaí úsáid a bhaint as an tritiam le haois an uisce nó an fhíona a shocrú (dátú radaiméadrach, mar a thugtar air).

Meath radaighníomhach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúpla luach éagsúla turgnamhacha socraithe do leathré an tritiam, ach is é an luach oifigiúil a thugann Institiúid Náisiúnta na gCaighdeán agus na Teicneolaíochta (NIST, saotharlann eolaíochta Roinn na Trádála sna Stáit Aontaithe) ná 4,500 ± 8 lá (12.32 ± 0.02 bliain). Nuair a thiocfaidh meath radaighníomhach ar an tritiam, is éard a gheofar ná héiliam-3 (dhá phrótón agus aon neodrón amháin), leictreon agus leictreon-fhrithneoidríonó. Mar sin, is é an cineál meath atá i gceist ná béite-mheath den chineál is coitianta. Is é an fuinneamh a scaoilfear sa phróiseas seo ná 18.6 keV. Glacann an leictreon a chuid féin den fhuinneamh seo mar fhuinneamh cinéiteach (fuinneamh gluaiseachta), 5.7 keV ar meán, agus is é an leictreon-fhrithneoidríonó a iompróidh leis an chuid eile de. De ghnáth ní féidir leis na leictreoin (na béite-cháithníní) a thagann as an tritiam ach fad sé mhilliméadar a chur díobh san aer, agus ní rachaidís tríd an tsraith is faide amach den chraiceann ach an oiread, an tsraith atá comhdhéanta as cillíní marbha. Chomh híseal is atá leibhéal an fhuinnimh i mbéite-mheath an tritiam, tá an núiclíd seo oiriúnach d'iarrachtaí le dearbhmhais an neoidríonó a thomhas (núiclíd eile a úsáidtear ar an dóigh chéanna is ea réiniam-187).

Chomh lag is a bhíonn fuinneamh radaíochta an tritiam is deacair an radaíocht a thagann as comhdhúile tritiam a aithint gan dul i dtuilleamaí áiritheora leachtaigh dhrithlíochtaí.

Táirgíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an modh táirgeachta tritiam is mó a úsáidtear ná gníomhachtú litiam-6 le neodróin. Nuair a bhuailfidh neodrón núicléas de chuid iseatóp seo an litiam, is éard a gheofar ná núicléas gnáth-héiliam (héiliam-4), núicléas tritiam agus neodrón. Sórt eamhnú atá i gceist mar sin. Is féidir an tritiam seo a scaoileadh agus a idirleathadh taobh istigh den chineál ceirmeachta ar a dtugtar ceirmeacht phórúcháin, agus is cuma faoi fhuinneamh an neodróin ansin. Imoibriú eisiteirmeach é eamhnú seo an litiam, is é sin táirgeann sé fuinneamh - 4.8 MeV in aghaidh an núicléis.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tritiam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 679.