Seiléiniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seiléiniam
Siombail Cheimiceach Se
Uimhir Adamhach 34
Meáchan Adamhach 78.96(3) g·mol−1
Grúpa, Peiriad 16, 4, p
Dlús 4.81 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Neamh-mhiotail
Se-TableImage.png

Is é an seiléiniam dúil cheimiceach uimhir a 34, agus is é an giorrúchán a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha ná Se. Neamh-mhiotal é a bhfuil gaol ceimiceach aige leis an sulfar agus leis an teallúiriam. Ní bhíonn sé ina dhúil aonraithe sa dúlra: caithfear é a bhaint as na mianraí. Tá allatróip éagsúla ag an dúil seo, ach is é an seiléiniam liath (an seiléiniam tríogánach) an t-allatróp is tábhachtaí, nó is seoltóir solas-íogair é. Is é sin, tá sé in ann sruth leictreach a iompar, ach athraíonn a sheoltacht go mór faoi thionchar an tsolais, agus mar sin, is féidir úsáid a bhaint as i mbrathadóirí solais - i ngléasra teicneolaíoch a aithníonn solas. Tá allatróip eile aige fós nach n-iompraíonn leictreachas ar aon nós. Na hallatróip sin, bíonn siad comhdhéanta as móilíní ocht n-adamh (Se8), ach is éard atá sa seiléiniam criostalach ná slabhraí fada héiliciúla d'adaimh sheiléiniam.

Faightear seiléiniam mar sheachthoradh nuair a bhítear ag mínghlanadh copair nó ag táirgeadh aigéid shulfaraigh. Púdar dearg dímhorfach a bhíonn ann ar dtús, ach ansin, leáitear go deora dubha é, agus is iad na liathróidí beaga a fhaightear ar an dóigh seo a bhíonn ar díol.

Ba é an ceimiceoir ceannródaíoch Sualannach Jöns Jacob Berzelius a d'aithin an seiléiniam mar dhúil ar leith. Is é an focal Gréigise σελήνη/seléné - ainm Gréigise na Gealaí - is bunús d'ainm na dúile seo. Seachthoradh do tháirgeadh an aigéid shulfaraigh a bhí ann, an turas sin féin. Thuig Berzelius go raibh gaol nó baint ag an dúil seo leis an teallúiriam, a bhí ainmnithe as an Domhan (tellus, cf. talamh na Gaeilge), agus mar sin ba nádúrtha leis gur bhaist sé ainm na Gealaí ar an dúil áirithe seo.

Tá sé iseatóp nádúrtha ag an seiléiniam, mar atá, seiléiniam a 74 (0.87 % de sheiléiniam an dúlra), seiléiniam a 76 (9.36 %), seiléiniam a 77 (7.63 %), seiléiniam a 78 (23.78 %), seiléiniam a 80 (49.61 %) agus seiléiniam a 82 (8.73 %). Iseatóp radaighníomhach é seiléiniam a 82, ach ó tá sé an-fhadsaolach, is ar éigean is féidir radaíocht a aithint ag teacht as, agus mar sin, tá sé sábháilte glacadh leis mar iseatóp cobhsaí, go praiticiúil.

Tá a lán allatróp éagsúil ag an seiléiniam. An seiléiniam a fhaightear mar thoradh imoibriúchán ceimiceach sa tsaotharlann, is púdar dearg dímhorfach é. Thairis sin, is féidir seiléiniam dearg criostalach a tháirgeadh, chomh maith le seiléiniam dubh. Is é an t-allatróp is cobhsaí ó thaobh na teirmidinimice de ná an seiléiniam liath. Seoltóir leictreachais é an seiléiniam liath, ach ó athraíonn a sheoltacht go mór faoi thionchar an tsolais, tagann sé isteach úsáideach i ndéantús an chineál gléasra a úsáidtear le solas a bhrath is a aithint. Tá criostail an tseiléiniam léith - ar a dtugtar seiléiniam tríogánach freisin - comhdhéanta as slabhraí d'adaimh sheiléiniam. An seiléiniam dearg, arís, is éard atá ann ná móilíní ochtadamhacha, Se8.

Tá dhá ocsaíd ag an seiléiniam, an dé-ocsaíd SeO2 agus an trí-ocsaíd SeO3. Ocsaídí aigéadacha iad, agus má thagann siad i dteagmháil leis an uisce déanfaidh siad ocsaigéid: aigéad seiléanúil H2SeO3 agus aigéad seiléanach H2SeO4. Tugtar seiléinítí ar shalainn an aigéid sheiléanúil, agus is seiléanáití iad salainn an aigéid eile. Cosúil leis an aigéad sulfarach, is aigéad láidir agus ocsaídeoir láidir é an t-aigéad seiléanach. Is féidir leis, fiú, an t-ór féin a ocsaídiú, ionas go bhfaighfear seiléanáit óir, Au2(SeO4)3.

Is riandúil é an seiléiniam, is é sin, bíonn iarsmaí beaga seiléiniam de dhíth ar orgánach an duine leis an tsláinte a choinneáil. Nimh atá sa seiléiniam, áfach, má fhaigheann an beothach an iomarca thar an riachtanas é.