Hiodraisín
Jump to navigation
Jump to search
Hiodraisín | |
---|---|
![]() |
![]() |
Ainm IUPAC | I mBéarla 'Hydrazine' |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 302-01-2 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | N2H4 |
Mais mhóilíneach | 32.0452g·mol−1 |
Dlús | 1.021 g/cm³ (solad) |
Leáphointe | 275°C |
Fiuchphointe | 387°C |
pKa | 8.10 (N2H5+) |
Guaiseacha | |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Comhdhúil dhénártha nítrigine agus hidrigine é an hiodraisín a bhfuil dhá adamh nítrigine agus ceithre adamh hidrigine inti, agus nasc comhfhiúsach amháin idir an dá adamh nítrigine. Mar sin, is í an fhoirmle cheimiceach atá ag an hiodraisín ná NH2NH2. Le teas an tseomra agus faoi bhrú aeir an tseomra, is leacht gan dath é an hiodraisín agus boladh na hamóinia as - tá sé an-ghaolmhar leis an amóinia ó thaobh na ceimice de. Nimh láidir atá ann don orgánach dhaonna, agus is dual dó dul trí thine go furasta. Úsáidtear mar bhreosla sna spásárthaí é.
Nimh láidir atá sa hiodraisín. Cosúil leis an amóinia is bun í, is é sin imoibrionn sí leis na haigéid.