Trópaisféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachTrópaisféar
Troposphere CIMG1853.JPG
CineálAtmospheric layer (en) Aistrigh
Cuid deatmaisféar an domhain agus homosphere (en) Aistrigh

An ciseal is ísle d'atmaisféar an Domhain, ón dromchla suas go dtí airde 8-16 km. Sa trópaisféar laghdaíonn an teocht de réir mar a mhéadaíonn an airde, síos go dtí timpeall -72 °C ar an meán idir shamhradh is gheimhreadh. Sa trópaisféar a mhairimíd agus a tharlaíonn an aimsir: báisteach, sneachta, gaotha, scairdsruthanna, stoirmeacha. Tarlaíonn meascadh ceartingearach go gasta ann agus sruthlú tapa den aer is truailliú san aer ann. De bharr an mheasctha is na haimsire seo, de ghnáth is féidir leis an trópaisféar aon truaillithe a ghlanadh amach taobh istigh de sheachtain nó mar sin.