Maighnéadaisféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réigiún timpeall ar phláinéad, nó rinn spéire eile sa Ghrianchóras, a bhfuil réimse maighnéadach aige agus an réimse sin brúite isteach ann ag an ngrianghaoth shruthaithe. Cruth deoire a bhíonn ar an réigiún seo, ach athraíonn a leithead is a chruth de réir mar a athraíonn an ghrianghaoth. Stóráiltear cáithníní luchtaithe ón ngrianghaoth is atmaisféar an Domhain i maighnéadaisféar an Domhain. Rinneadh an-chuid scrúdaithe is anailísithe air seo ó tháinig Explorer 1 ar chreasa Van Allen i 1958. Teilgtear cáithníní stóráilte ó am go chéile isteach sna réigiúin thuaidh is theas ar feadh an réimse mhaighnéadaigh, agus luasghéaraítear iad ar bhealaí nach dtuigtear i gceart fós. Imbhuaileann siad seo le hadaimh san atmaisféar, rud a dhéanann astaíochtaí a fheictear mar ghealáin. I measc na bpláinéad eile le réimsí maighnéadacha tá Iúpatar, Satarn, Úránas, Neiptiún, is Mearcair.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Maighnéadaisféar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.