Grianghaoth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An spástaiscéalaí úd Voyager a hAon ag teacht a fhad leis an héileathruaill. Is éard is héileathruaill ann ná an chuid den héilisféar atá suite taobh thiar den turraing foirceanta. Tabhair faoi deara nach bhfuil an pictiúr seo ag cur leis na teoiricí is nua, nó is é tuiscint an lae inniu nach bhfuil an héilisféar chomh fadaithe seo faoi thionchar an mheáin idir-réaltaigh.

Is éard is grianghaoth ann ná an sruth de cháithníní luchtaithe atá ag teacht as an nGrian agus á scaipeadh amach sa spás. An chuid is mó de na cáithníní seo, is leictreoin agus prótóin iad, agus faigheann gach ceann acu timpeall ar aon leictreonvolta amháin fuinnimh ón nGrian nuair a fhágann sé í. Tá na cáithníní in ann éalú ó imtharraingt na Gréine, agus an fuinneamh sin á dtiomáint. Faigheann siad cuid den fhuinneamh sin i gcoróin na Gréine, toisc go bhfuil sí an-te, ach níltear ábalta go fóill an chuid eile den fhuinneamh a mhíniú go sásúil.

Is cúis lena lán feiniméan nádúrtha í an ghrianghaoth. Is í a chuireann eireaball leis na cóiméid, nó nuair a thiocfaidh an cóiméad i gcóngar don Ghrian, buailfidh sruth na gcáithníní é, agus ansin, tosóidh sé ag cur damhna as faoi bhrú na grianghaoithe.

Feiniméin eile den chineál sin atá i gceist leis an aurora borealis - is é sin, An Chaor Aduaidh, na saighneáin - chomh maith leis an aurora australis nó an chaor aneas, nó gealáin atá cosúil leis an gcaor aduaidh agus iad le feiceáil timpeall ar phol theas an Domhain.

Is í an ghrianghaoth is cúis leis na stoirmeacha leictreamaighnéadacha freisin. Is féidir leis na stoirmeacha seo cur isteach ar chóras aistriú na cumhachta leictrí go tromchúiseach.

Cruthaítear na saighneáin agus na stoirmeacha leictreamaighnéadacha thuas i maighnéadaisféar an Domhain. Is follasach go mbíonn an ghrianghaoth ag idirghníomhú le réimsí maighnéadacha na bpláinéad eile fosta. Síntear maighnéadaisféar Iúpatair chomh fada faoi bhrú na grianghaoithe agus go sroicheann sé fithis Shatairn féin. Deirtear go bhfuil maighnéadeireaball ag Iúpatar.

Bíonn imthoscaí an spáis áitiúil timpeall an Domhain an-athraitheach, agus an dóigh a mbíonn an ghrianghaoth agus an réimse maighnéadach ag imirt tionchair ar a chéile. Is féidir na síorathruithe a chur i gcomparáid le hathruithe na haimsire thíos ar dhroim an domhain, agus mar sin, is minic a thagraíonn na saineolaithe don spásaimsir.

Agus iad á scaipeadh amach ón ngrian, cruthaíonn na cáithníní grianghaoithe réigiún ar leith timpeall na Gréine agus an ghrianchórais - réigiún a dtugtar héilisféar air. Is é an héileastad teorainn an héilisféir. Ar imeall an héilisféir atá an héileathruaill. Is í an héileathruaill an chuid den héilisféar atá faoi thionchar na sruthanna sa mheán idir-réaltach, ionas nach bhfuil sí sféarúil a thuilleadh. Sa chuid inmheánach den héilisféar, tá an ghrianghaoth ag gluaiseacht go gathach i ngach treo. San áit a mbuaileann an ghrianghaoth faoin héileathruaill cruthaítear tonnta turrainge, agus tugtar turraing foirceanta ar an áit sin.

Réaltghaoth[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réaltghaoth a thugtar ar "ghrianghaoth" na réaltaí go ginearálta. Bíonn an réaltghaoth an-éagsúil ag réaltaí difriúla. Na fathachréaltaí dearga, bíonn siad ag cailleadh maise go tiubh leis an réaltghaoth agus iad ag druidim le deireadh a ré. Is minic a iompaíonn fathachréaltaí den chineál seo ina n-abhacréaltaí bána in áit pléascadh ina n-ollnóvaí, toisc go bhfuil an iomarca maise caillte acu leis an réaltghaoth san idirlinn.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]