Ianaisféar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réigiún den atmaisféar, 50-500 km in airde, mar a n-idirghníomhaíonn an radaíocht le tonnfhaid ghearra sa ghrianradaíocht leis na móilíní is na hadamh gáis san atmaisféar len iad a ianú: is é sin, go mbaineann an radaíocht seo na leictreoin sheachtracha chun siúil is go bhfágann iain dhearfacha in ionad adamh neodrach. Tá an t-ianaisféar i gcisil de réir tiúchan na n-ian saor dearfach agus tiúchan na leictreon saor diúltach. An dá chiseal íochtaracha, ciseal D (Heaviside) agus ciseal E (Kennelly), is de bharr ianú móilíní iad. Is féidir tonnta raidió a fhrithchaitheamh ó na cisil seo, agus is leo seo a dhéantar cianteileachumarsáid raidió gearrthonnfhaid. Ciseal uachtarach F (Appleton), is de bharr ianú adamh é. Athraíonn tiúis na gciseal le domhanleithead, séasúr, am sa lá, agus gníomhaíocht na Gréine. Tá staidéar á dhéanamh ar na cisil le córais radair ó na 1930idí. Tarchuirtear bíoga tonn raidió le minicíochtaí éagsúla i gcoinne na gciseal sin, agus glactar is mionscrúdaítear na bíoga frithscaipthe. Bíonn an saothar seo ar siúl ag eolaithe san Antartach, ach tá bunáit nó réadlann ar leith i dTromsø i dtuaisceart na hIorua mar a bhfuil an staidéar seo á dhéanamh ó aimsir Edward Appleton i 1932.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ianaisféar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 357.