Fuinneamh cinéiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilFuinneamh cinéiteach
Cineálcineál fuinnimh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata


Sa bhfisic, tugtar fuinneamh cinéiteach (Ek) ar an bhfuinneamh a bhaineann le réad de bharr a gluaisne.[1] Sainmhínítear é mar an obair is gá chun réada de mhais áirithe a luasghéarú ó bheith ina stad go dtí a threoluas luaite. Tar éis a fuarthas an fuinneamh seo, le linn a luasghéarú, coinníonn an réad an fuinneamh cinéiteach seo ach amháin má athraíonn a chuid luais. Déanann an réad an méid céanna oibre nuair a luasmhoillíonn sé óna luas reatha go dtí lánstad.

Sa mheicnic chlasaiceach, tugtar fuinneamh cinéiteach Ek an choirp neamh-rothlach dar mais m agus é ag gluaiseacht faoi luas v leis an bhfoirmle Ek =

Sa mheicnic choibhneasaíoch, tá sé seo ina dhea-neastachán ach amháin nuair atá v i bhfad níos lú ná luas an tsolais.

Is é an giúl (J) an t-aonad caighdeánach d'fhuinneamh cinéiteach.


Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]