Benazir Bhutto

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Benazir Bhutto
(Benazir Buttho) Rueda de prensa de Felipe González y la primera ministra de Paquistán. Pool Moncloa. 14 de septiembre de 1994 (cropped).jpeg
Príomh-Aire na Pacastáine

Nollaig 2, 1988 - Lúnasa 6, 1990
Muhammad Khan Junejo - Ghulam Mustafa Jatoi
Aire Cosanta na Pacastáine

Nollaig 4, 1988 - Lúnasa 6, 1990
Leader of the Opposition (en) Aistrigh

Samhain 6, 1990 - Aibreán 18, 1993
Khan Abdul Wali Khan - Nawaz Sharif
Príomh-Aire na Pacastáine

Deireadh Fómhair 19, 1993 - Samhain 5, 1996
Moeenuddin Ahmad Qureshi - Malik Meraj Khalid
Finance Minister of Pakistan (en) Aistrigh

Eanáir 26, 1994 - Deireadh Fómhair 10, 1996
Leader of the Opposition (en) Aistrigh

Feabhra 17, 1997 - Deireadh Fómhair 12, 1999
Nawaz Sharif - Fazal-ur-Rehman
Saol
Eolas breitheKarachi, 21 Meitheamh 1953
NáisiúntachtAn Phacastáin
BásRawalpindi, 27 Nollaig 2007
Áit adhlacthaMausoleum of Zulfikar Ali Bhutto (en) Aistrigh
Cúis bháisdúnmharú (ionsaí sceimhlitheoireachta)
Muintir
AthairZulfikar Ali Bhutto
MáthairNusrat Bhutto
Céile/CéilíAsif Ali Zardari
Páistí
Siblíní
TreibhBhutto family (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materRadcliffe College (en) Aistrigh
Karachi Grammar School (en) Aistrigh
Convent of Jesus and Mary, Murree (en) Aistrigh
Presentation Convent Girls High School (en) Aistrigh
Convent of Jesus and Mary, Karachi (en) Aistrigh
Ollscoil Harvard
St Catherine's College (en) Aistrigh
Lady Margaret Hall (en) Aistrigh
Eliot House (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisDochtúir Eolaíochtaí
TeangachaAn Urdúis
an Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir
Duaiseanna
BallraíochtPhi Beta Kappa Society (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinAn tIoslam
Páirtithe polaitíochtaPakistan Peoples Party (en) Aistrigh
benazirbhutto.com
Benazir Bhutto Signature.svg

Ba pholaiteoir Pacastánach í Benazir Bhutto (Urdúis: بینظیر بھٹ), a rugadh ar an 21 Meitheamh 1953 i gKarachi. Bhí sí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát Moslamach. Bhí sí ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.[1] Bhí a hathair Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin freisin sna 1970idí, sular crochadh é sa bhliain 1979.

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í ar 21 Meitheamh 1953. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an bpolaitíocht agus seilbh acu ar thailte móra sa tSind. Ba é Zulfikar Alî Bhutto a hathair agus ba í an Béagam Nusrat Ispahani Bhutto, Ioránach, a máthair. Chuaigh sí ar scoileanna Caitliceacha agus bhain amach Meiriceá, áit ar ghnóthaigh sí BA le honóracha in Harvard. In Oxford thug sí faoin bhfealsúnacht, faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar, in éineacht le reachtaíocht idirnáisiúnta agus le taidhleoireacht.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhill Benazir abhaile sa bhliain 1977 chun dul i mbun na taidhleoireachta, ach bhris an t-arm a hathair, arbh é an Príomh-Aire é ag an am, agus crochadh é tar éis é a chiontú i ndúnmharú (cé nach raibh ní raibh bonn ceart faoin gcúiseamh ina choinne). Ruaigeadh Benazir Bhutto agus a máthair chun na Breataine, agus fuair deartháir léi bás sa Fhrainc, bás nach raibh saor ó amhras.

Phós sí Asif Ali Zardari sa bhliain 1987, agus bhí triúr clainne acu.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (d'éag Zia ul-Haq, an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn i dtuairt eitleáin)/.

D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala na caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus tháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.

1988

Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua Pervez Musharraf pardún di féin agus dá fear céile. (Bhí an Ginearál Musharraf tar éis teacht i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)

Sa bhliain 2007 a tháinig Benazir Bhutto ar ais, agus an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsuithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, ach bhí caibidlí deacra aige féin agus ag Benazir Bhutto lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.

Benazir Bhutto á cur féin in iúl os comhair a lucht leanúna.

Feallmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 27 Nollaig 2007, agus Benazir Bhutto ar an mbealach chun cruinnithe de chuid a páirtí i Rawalpindi, rinne fear a bhí in aice léi buama a phléascadh; gortaíodh í féin agus mórán eile, agus bhásaigh sí san ospidéal. Tógadh círéibeacha; d'fhógair urlabhra de chuid al-Qaida gurbh iadsan ba chúis leis an bpléascadh ach shéan urlabhra eile é.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Benazir Bhutto killed in attack" (en-GB) (2007-12-27). Dáta rochtana: 2021-03-15.