An Urdúis
اردو | |
---|---|
Cineál | sainréim, teanga nádúrtha, teanga bheo agus teanga chaighdeánach |
Canúint na | Hiondústáinis |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 68,600,000 (2019) |
Dúchasach do | Muhajir (en) , Hindustanis (en) , an India, Jammu agus an Chaismír, Maharashtra, an Phacastáin, Deilí, Jharkhand, Biohár agus Hyderabad |
Stáit | an India, an Phacastáin, Fidsí, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iorua |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha teangacha Ind-Airianacha Central Indo-Aryan (en) Western Hindi (en) Hiondústáinis Kauravi (en) Khariboli (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Urdu orthography (en) , Kaithi (en) agus script Dhéiveanágrach |
Institiúid caighdeánaithe | National Language Promotion Department (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | ur |
ISO 639-2 | urd |
ISO 639-3 | urd |
Glottolog | urdu1245 |
Linguasphere | 59-AAF-q |
Ethnologue | urd |
ASCL | 5212 |
IETF | ur |
Is teanga atá á labhairt sa Phacastáin agus i dTuaisceart na hIndia é an Urdúis nó Urdu i mBéarla (freisin ar a dtugtar Lashkari go háitiúil[1][2] litrithe لشکری). Go deimhin, is iad Urdúis agus Hiondúis iad, ach amháin go bhfuil na hIndiaigh ag labhairt Hiondúis, agus an Urdúis ag na Moslamaigh Indiach agus Pacastáine.
Scríobhann Urdúis leis na litreacha Arabacha, agus Hiondúis leis na litreacha Benedictineacha. Ina theannta sin, úsáidtear go leor focail Araibis agus Peirsis sa leagan scríofa Urdúis. Ar an taobh eile, tá na hIndiaigh ag iarraidh a dteanga féin a shaibhriú le focail Sanscrait.
Tá an Urdúis ag seasca-seachtó milliún duine ó dhúchas, ach thairis sin, mar theanga oifigiúil sa Phacastáin, caithfidh muintir na tíre sin í a fhoghlaim mar dhara teanga, agus mar sin, is féidir a rá go bhfuil sí go líofa ag oiread eile de dhaoine. Ceann de theangacha oifigiúla na hIndia í freisin, chomh maith leis an Hiondúis agus le teangacha na réigiún.
Tá litríocht shaibhir ag an Urdúis. Faoi thionchar na Peirsise, tháinig sraith de chineálacha éagsúla filíochta ar an bhfód le fada, ach ar na saolta seo, scríobhtar go leor úrscéalta agus saothar próis eile freisin. Is follasach go raibh an litríocht Bhéarla ina réamhshampla agus ina spreagadh mór ag na húrscéalaithe.
Mar sin féin, is iad na gearrscéalta an seánra is tábhachtaí i bprós na hUrdúise, cosúil leis an nGaeilge. Gearrscéalaithe tábhachtacha Urdúise iad Saadat Hasan Manto, Qurat-ul-Ain Haider, Munshi Premchand, Ismat Chughtai, Krishan Chander, Ghulam Abbas, Banu Qudsia agus Ahmed Nadeem Qasmi.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.scribd.com/doc/273226768/URDU-LASHKARI-ZUBAN-pdf
- ↑ Alyssa Ayres (23 July 2009). "Speaking Like a State: Language and Nationalism in Pakistan": 19–. Cambridge University Press.