Amelia Earhart

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amelia Earhart
Amelia Earhart standing under nose of her Lockheed Model 10-E Electra, small.jpg
Saol
Eolas breitheAtchison, 24 Iúil 1897
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
BásAn tAigéan Ciúin, 2 Iúil 1937
Muintir
AthairEdwin Stanton Earhart
MáthairAmelia Otis
Céile/CéilíGeorge P. Putnam  (Feabhra 7, 1931 -
Oideachas
Alma materHyde Park Academy High School (en) Aistrigh 1916)
St. Paul Central High School (en) Aistrigh
(1915 -
Ollscoil Columbia
(1919 -
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmeitleoir, údar cuimhní cinn, scríbhneoir ábhar taistil, scríbhneoir agus iriseoir
FostóiríOllscoil Purdue
Duaiseanna
BallraíochtNinety-Nines (en) Aistrigh
Gluaiseachtfeimineachas
IMDbnm0247208
ameliaearhart.com
Discogs ID3893565
Amelia Earhart (signature).png
5 Márta 1935

Eitleoir a rugadh in Atchison, Kansas ab ea Amelia Mary Earhart (24 Iúil 1897 - 2 Iúil 1937). B'í an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, i dtús mar phaisinéir (1928), agus ina haonar i 1932.[1]

Eitilt trasatlantach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1928, chuaigh Amelia le beirt phíolótaí eile trasna an Atlantaigh.

Ar an 20 Bealtaine 1932, d’imigh sí ó Thalamh an Éisc i gCeanada ar bord eitleán beag dearg, an Lockheed Vega 5B. Bhí sí ag iarraidh eitilt an bealach ar fad go Páras sa Fhrainc. Bhí aimsir scamallach ann, ag cur seaca agus ag stealladh báistí go minic. Cé go raibh turas crua aici a thóg beagnach 15 uair an chloig, d’éirigh léi eitilt trasna an Atlantaigh ach níor thuirling sí i bPáras ach i nDoire, an lá dár gcionn, ar 21 Bealtaine.[2]

Mar sin, b'í Earhart an chéad bhean a d'eitil thar an Aigéan Atlantach, eitilt a mhair 14 uaire, 54 nóiméad. Thuirling sí i mBaile Arnóid, An Teampall Mór, Doire.

i nDoire

Eachtraí agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eitil Earhart ó Honolulu go California i 1935.

Bhí plean ag Earhart eitilt timpeall an domhain ar fad. Sa bhliain 1937, agus í ag tarraingt ar 40 bliain d’aois, chuaigh Amelia agus píolóta eile darbh ainm Frank Noonan ar bord eitleán eile, an Lockheed Electra 10E. D’éirigh go breá leo ar dtús. Taobh istigh de 40 lá bhí 35,000 ciliméadar déanta acu. Ní raibh ach 11 000 ciliméadar eile le déanamh acu. Ar 2 Iúil 1937, d’fhág siad an Nua-Ghuine, cóngarach don Astráil. Ach go gairid tar éis sin tharla tubaiste éigin san Aigéan Ciúin. Cailleadh an t-eitleán áit éigin thar an bhfarraige mhór.[3]

Lárionad Amelia Earhart i ngar do Dhoire Cholm Cille

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Childrens Books Ireland. "David Lowe - Amelia Earhart (as Gaeilge)" (ga). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-08. Dáta rochtana: 2020-05-20.
  2. Nuair a tháinig Earhart amach as an eitleán i bpáirc lán d’ainmhithe, chuir sí ceist ar fhear a bhí sa pháirc: ‘Cá bhfuil mé?’ ‘Tá tú i bpáirc Uí Ghallchóir!’ a dúirt sé agus d’fhan Amelia ag muintir Uí Ghallchóir an oíche sin
  3. COGG.ie. "Amelia Earhart". Dáta rochtana: 2020.