Pas an Phointe
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 552 | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Is baile suite i gContae an Dúin agus gContae Ard Mhacha é Pas an Phointe. Tá sé suite in Ulaidh, i dtuaisceart oileán Éireann.
Próifíl dhéimeagrafach
[cuir in eagar | athraigh foinse]2011
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar lá an daonáirimh, 27 Márta 2011, bhí sé ar taifead sa daonáireamh go raibh 552 duine ina gcónaí i bPas an Phointe.
- Bhí 22.64% den dhaonra faoi 16 bliana d'aois agus bhí 13.77% os cionn 65 bliana d'aois
- Bhí 48.19% den dhaonra fireann agus bhí 51.81% baineannach
- Bhí cúlra Caitliceach ag 68.12% den dhaonra agus bhí cúrla Protastúnach agus Críostaí eile ag 26.89% den dhaonra
- Dúirt 30.8% go raibh náisiúntacht Bhriotanach acu. Dúirt 42.03% go raibh náisiúntacht Éireannach acu agus Dúirt 32.25% go raibh náisiúntacht "Thuaisceart-Éireannach" acu. [1]
- Dúirt 16.6% go raibh Gaeilge acu agus dúirt 2.15% go raibh Ultais acu.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Na Trioblóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 3 Márta 1998, d'ionsaí Fórsa na nÓglach Dílseach The Railway Bar sa sráidbhaile. Maraíodh beirt cairde: fear Caitliceach, Damian Trainor (26 d'aois), agus fear Protastúnach, Philip Allen (34 d'aois).
Áiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá bhunscoil sa sráidbhaile: Bunscoil Phas an Phointe agus Bunscoil Naomh Iósaif agus Naomh Séamas.
Iompair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'oscail Stáisiún Traenach Phas an Phointe ar 6 Eanáir 1862. Dhún sé i 1965 ach athosclaíodh sé i 1984. Inniu, tá an stáisiún ar an Phríomhlíne Bhéal Feirste-Baile Átha Cliath ach tá an tseirbhís an-theoranta.
Freastalaíonn na seirbhísí bus 63 (Iúr Cinn Trá-Port an Dúnáin) agus 66a (Droichead na Banna-Scarbhach) an sráidbhaile
Reiligiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá eaglais Chaitliceach, eaglais Anglacánach, eaglais Phreispitéireach, eaglais Bhaisteach agus eaglais neamhspleách sa sráidbhaile.
Spórt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cumann peile ag an sráidbhaile darb ainm Cumann Réamainn Uí Anluain. Bunaíodh siad i 1899. Tá foireann fear, foireann ban agus cúpla foireann faoi aois acu.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Réamonn Ó hAnluain - ropaire
- Rory Best - Imreoir rugbaí Éireannach
- Simon Best - Imreoir rugbaí Éireannach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nóta: B'fhéidir le freagróirí roghanna iomadúla a phiocadh
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
