Sliabh gCuillinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachSliabh gCuillinn
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deFáinne Cnoc Shliabh gCuillinn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie124034 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54°08′N 6°26′W / 54.13°N 6.43°W / 54.13; -6.43
Tréithe
Airde os cionn na farraige573 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach478 m Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Sliabh gCuillinn[1] (Fuaim Sliabh gCuillinn) [2] (573 méadar) an sliabh is airde i gContae Ard Mhacha. Tá sé suite i gcroílár Shléibhe Cuillinn nó 'Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn'. Tá ról suntasach i miotaseolaíocht agus stair an cheantair máguaird aige agus is gné thiarnasa é os cionn na tuaithe timpeall air, ag tairiscint radharcanna chomh fada amach le Chonnacht agus Bá Bhaile Átha Cliath nuair a bhíonn aimsir fhabhrach ann.

Gnéithe dromchla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard is Sliabh gCuillinn ann ná hiarsma creimithe de thírdhreach bolcánach Pailéicéineach. Tá sé timpeallaithe le 'dingeán fáinneach'. Bhí Sliabh gCuillinn múnlaithe le hoighriú agus taispeánann sé 'creig is earr', gné oighriúcháin chlasaiceach. Tá an 'earr' ag síneadh i dtreo ó dheas, ag críochnú ag Dromainn Tí.

Tá dhá charn ar bharr na sléibhe ar an dá thaobh den loch - tá an ceann Tuaiscirteach ar thulach chiorclach de chlocha beagnach 40 troigh ar trastomhas, an am céanna is tuama mór pasáiste é an ceann Deiscirteach atá caomhnaithe go maith, agus an tuama is airde fós a fuarthas in Éirinn.

Bíonn cuid mhaith de dhromchla Shliabh gCuillinn clúdaithe le foraois, fraoch, agus clocha agus 612 heicteár de fraochmhá thirim ar an sliabh ainmnithe mar Limistéar Speisialta Caomhnaithe[3], Limistéar Íogair Comhshaoil[4], agus Limistéar Sáráilleachta Nádúrtha. I mí Iúil 2006, scriosadh roinnt réimsí aitinn i ndóiteán a d'fhéadfadh a bheith tosaithe d'aon turas.

Is féidir rianta fós le feiceáil ar ithir bhocht an tsliabhe den fheirmeoireacht san chianaimsir chomh maith le fianaise na cairéalachta. Sa lá atá inniu ní úsáidtear Sliabh gCuillinn mórán le haghaidh táirgeadh eacnamaíoch ach tá tóir air ag cuairteoirí agus lucht na fálróide toisc go bhfuil bóthar sciamhach rochtana suas go dtí thart ar leath den sliabh agus tá seanchosán fós ann a cheadaíonn rochtain éasca go dtí an mullach. Tá Dromainn Tí, An Mullach Bán, Lios Liath, Foirceal agus An Mhaigh sa chúlchríoch chóngarach,

Miotaseolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn Sliabh gCuillinn páirteach san dán eipiciúil 'Táin Bó Cuailnge'. Moltar freisin go raibh Cú Chulainn ina chónaí sa cheantar nuair a bhí sé ina leanbh.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sliabh gCuillinn/Slieve Gullion | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. 'Cuileann in áitainmneacha' le T.S.Ó Máille in 'Béaloideas' The Journal of the Folklore of Ireland Society. XXV111 1960.
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-10-13. Dáta rochtana: 2010-10-09.
  4. http://www.opsi.gov.uk/sr/sr1997/Nisr_19970298_en_1.htm