Jump to content

Dromainn Tí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDromainn Tí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°05′00″N 6°26′00″W / 54.0833°N 6.4333°W / 54.0833; -6.4333
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae Ard Mhacha
Paróistí dlí in ÉirinnCill Shléibhe Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie56885

Sráidbhaile agus baile fearainn i gContae Ard Mhacha, Cúige Uladh is ea Dromainn Tí. '[1] I nDaonáireamh 2001 bhí daonra de 364 duine ann. Tá sé laistigh de limistéar Chomhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin. T a sé suite laistigh den limistéar sáráilleachta nádúrtha 'Fáinne Cnoc Shliabh gCuillinn', i gContae Ard Mhacha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíothas ag súil go n-aistreofaí Dromainn Tí, mar aon leis an gcuid eile de Dheisceart Ard Mhacha, go dtí Saorstát na hÉireann dá n-achtófaí moltaí Coimisiún na Teorann i 1925.[2]

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Rugadh an scríbhneoir agus béaloideasóir Michael J. Murphy (1913 -1996) i Learpholl, ach ba as Dromainn Tí dá thuismitheoirí agus bhí cónaí air ann ó bhí sé ocht mbliana d'aois. Chuir sé go mór leis an gclúdach a rinne an BBC agus RTÉ ar an mbéaloideas agus ar shaol na tíre. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar faoi shaol, faoi bhéaloideas agus faoi nathanna cainte na hÉireann chomh maith, a leithéidí agus At Slieve Gullion's Foot.[3]
  • Oifigeach de chuid Arm na Breataine ab ea an Captaen Robert Laurence Nairac a fuadaíodh ó theach tábhairne i nDromainn Tí, le linn obráide faoi chlúdach. Mharaigh an tIRA Sealadach é ar a cheathrú turas dualgais i dTuaisceart Éireann mar Oifigeach Idirchaidrimh um Fhaisnéis Míleata d'aimsigh agus bronnadh Cros Sheoirse air i ndiaidh a bháis. Thug sé cuairt ar The Three Steps Inn i nDrom an Tí ar an 14 Bealtaine 1977 agus fuadaíodh é nuair a bhí se ag teacht amach as an teach tábhairne, agus maraíodh é tamall ina dhiaidh sin. Ní bhfuarthas a chorp riamh.[4] Le linn "Na Trioblóidí" bhí Drom an Tí i gcrios míleata ag fórsaí slándála na Breatainea a d'úsáid bairr chnoic Shliabh gCuillinn le haghaidh ardán reathnóireachta.

Sport[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an chéad chlub de chuid Chumann Lúthchleas Gael sa chontae lonnaithe nDromainn Tí, agus é gníomhach ar feadh seal gairid in 1887. Bhí Jonesboro Border Rangers GFC gníomhach ó na 1920idí go 1946, agus bunaíodh an club atá ann faoi láthair, CLG Naomh Pádraig, Dromainn Tí, i 1952 agus is ionann é agus Paróiste Dhromainn Tí agus Bhaile an Chláir. Imrítear peil Ghaelach agus camógaíocht ann.[5]

Bhí Dromainn Tí ina bhaile ag iar Uachtarán CLG, Pádraig Mac Con Midhe. Bhí Mac Con Midhe ina Uachtarán ó 1938 go 1943 mar ionadaí Aontroma.[6]

Séipéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Eaglais Naomh Pádraig, Dromainn Tí, séipéal paróiste Dhromainn Tí.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Townland of Drumintee". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 Márta 2012. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2024.
  2. "Irish Boundary Commission Report".
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  4. "Body of Captain Robert Nairac may have been found using cadaver dogs".
  5. "Naomh Pádraig, Dromanin Tí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Bealtaine 2022. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2024.
  6. "President of GAA and Cultural Pioneer". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Lúnasa 2022. Dáta rochtana: 6 Meitheamh 2024.
  7. "Parish Details Dromintee".